Monday 30 April 2012

Catalan agus Castaílis




Tá ceithre mhilliún cainteoir dúchais Catalan  agus cúig mhilliún eile  a bhfuil an teanga sin ar a dtoil acu agus á labhairt go laethúil sa Spáinn.

 In ainneoin Franco bheith ag iarraidh an teanga agus na daoine sa Chatalóin a chur faoi chois agus a aontú go cultúrtha agus go teangeolaíoch le Castaílis le linn a réime, tá an teanga beo léi. Sa lá atá inniu ann, tá stádas ag an teanga comhionann leis an Chastaílis.

Tá scoileanna acu a fheidhmíonn trí Chatalan. Má chónaíonn tú i gceantar ina labhraítear Catalan go hiondúil (Catalantacht), beidh Catalan ina teanga scoile do na hábhair ar fad. Ar nós na nGaelscoileanna anseo in Éirinn, teagascaítear Béarla mar ábhar scoile iontu chomh maith.

Tá sé spéisiúil go bhfuil an socrú seo faoi léigear i láthair na huaire. Tá trí thuismitheoir de bhunadh na Castaílise ag bagairt dlí mar geall ar an réiteach seo. Maíonn siad go bhfuil an córas seo ag déanamh leatroim ar a gcuid páistí mar nach bhfuil clár iomlán na scoile ar fáil trí Chastaílis chomh maith. Tháinig ordú cúirte aníos i Meán Fómhair 2011 go gcaithfidh a leithéid a chur ar fáil faoi choinníollacha áirithe ach tá lucht Castaílise ag iarraidh an teanga lárnach sa Spáinn a bhrú chun tosaigh arís eile agus an Catalan a bhrú ar gcúl ó thaobh scolaíochta de. Agus tá muintir na Catalóine feargach. Is léir go bhfuil Franco san uaigh, ach nach bhfuil a lucht leanta amhlaidh, ná na luachanna - a chuirfeadh ar an Spáinn pilleadh ar aonteangachas agus ar an eite dheis go ginearálta mar a chleachtaítear sa Spáinn í.

Ceann de na huirlisí sóisialta a bhí ag Franco ná lucht Castaílise a mhealladh go dtí an Chatalóin, Euskadí agus Galicia le forbairt thionsclaíoch agus postanna. Chuaigh siad ann go réidh, agus ar ndóigh d’fhág sé seo go leor daoine nach raibh máthairtheanga an réigiúin nua acu. Mar go mbíodh cosc ar na teangacha ‘eile’ seo i scoileanna, agus i réimsí uile san earnáil phoiblí  le linn ré Franco, bhí glacadh ag na hinimirceoirí seo nach raibh gá leis an teanga áitiúil a shealbhú. Agus tá an dearcadh sin ag go leor acu go dtí an lá atá inniu ann.

Anois agus an eite dheis ag láidriú sa Spáinn, tá siad i ngleic le héagsúlacht  na leithinise, mar an Ibéir. Tá lucht Catalan ag éirí aníos ina éadan i láthair na huaire. Beidh le feiceáil amach anseo cad a tharlós.


3 comments:

  1. Scéal chasta fuilteach pianmhar scéal na réigiúin san Spáinn (agus san Fhrainc, leoga!)

    Beidh sé spéisiúil cinnte.

    ReplyDelete
  2. Macallaí dála an scéil de chás Pobalscoil Chorca Dhuibhne

    ReplyDelete
  3. Tá an Chatalóinis láidir agus tá pobal maith taobh thiar di!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.