Tuesday 10 April 2012

Deireadh ré, tús nua



Tháinig mé ar ais chuig an domhan blagadóireachta arís i ndiaidh tréimhse ar lár. Mar go bhfuil am agam chuige arís. Agus mar go bhfuil mé sa dé deiridh leis an jab atá agam. Beidh mé réidh leis an tseachtain seo chugainn. Tá cuid díom sásta, mar go bhuil mé tuirseach den taisteal. Ach bhí daoine deasa mar chuideachta agam ann, agus crothnóidh mé iad siúd go mór.

B'ait liom turas a thabhairt ar na blaganna Gaeilge eile acu agus téama láidir an earraigh i mbarr réime. Saol nua, túsanna nua, grian agus gile agus borradh agus bláthú. Thug sé misneach domh. Níl sé nádúrtha stop a chur le dua i lár earraigh, fiú más mé féin a rinne an cinneadh. Ach léigh mé faoin nead ag Áine, agus an lao ag Eoin, an ghrian agus an íomhá ag John, agus fiú an cnagaire ag cnagaireacht leis. Agus go raibh maith agaibh, sibhse na blagadóirí ar fad a scríobh agus a thóg grianghraif agus a rinne trácht. Ardú croí a bhí ann domh, agus cic sa tóin!

Chuir mo thuras thart ar na blaganna roimh mo shúile athuair go bhfuil saolta eile amuigh ansin. Tá deireadh ag teacht leis an phost agam mar gheall ar chúrsaí éagsúla. Ceann acu is ea an tuirse a fhágann an ailse ar roinnt againn go ceann na mblianta. Ach tá saolta eile amuigh ansin, a mbeidh mé in inmhe tabhairt futhu ar mo luas féin. Agus in am agam breith ar cheann anois go bhfuil an t-earrach buailte linn.

2 comments:

  1. Tús nua! Is mithid sin san Earrach.

    ReplyDelete
  2. Deas cloisteáil uait arís, a Réaltan - bhí tú i mo smaointe le lá nó dhó, mé den bharúil go raibh sé ag teacht gar don am sin a mbeadh deireadh ag teacht leis an turas ar leith sin a luaigh tú. Go n-éirí go geal leis an scíth a ligfidh tú anois..:-)

    Ag suil go mór le do chuideachta anseo, a chara.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.