Monday 23 April 2012

I bhfaiteadh na súl

http://vimeo.com/40448182


Lotte lena hathair

Chonaic mé físeán beag inniu déanta ag scannánóir darb ainm Frans Hoffmeester. Ghlac sé físeán dá iníon gach seachtain dá saol ó rugadh í go raibh sí dhá bhliain déag d'aois. Sin12 x 52 sheachtaine. 624 phíosa scannánaíochta. Roghnaigh sé soicind nó dhó as gach seachtain agus chuir sé a saol le chéile taobh istigh de chúpla bomaite.

An rud is maith liom fán fhíseán ná an caidreamh a léirítear idir an t-athair agus an iníon. Ní fheicimid ariamh é, mar athair, ach feicimid chomh gafa le comhrá nó scéal nó tabhairt amach nó gáire is atá an iníon. Bíodh is go bhfuil ceamara roimpi tá sí iomlán nádúrtha ina cuid gníomhaíochta. Píosa beag ar dóigh.

1 comment:

  1. Go hálainn!

    Jab iontach déanta aige - gníomhra ghrá, is dócha..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.