Tá athbhreithniú agam go cionn deich mbliain ó tugadh isteach sa chóras leighis ailse an chéaduair. Agus tá an t-am sin den bhliain buailte liom arís i mbliana.
Bíonn tú faoi chúram dhá fhoireann ar leith, foireann na sceana agus foireann na gceimicí (lucht na hoinceolaíochta).Agus ar nós na mbusanna i mBaile Átha Cliath, ní thagann coinne ar bith ar feadh na bliana agus ansin tagann an dá choinne laistigh den tseachtain chéanna.
Is droch-chomhartha é, ar dhóigh, go n-aithním na haghaidheanna de na banaltraí agus na dochtúirí uilig in Sciathán A. Ach tá aghaidheanna eile ann chomh maith, na hothair. Is léir na daoine atá ag teacht isteach ag tús a dturais. Bíonn siad neirbhíseach agus imníoch, ag fanacht ar nuacht. Mar an uair a bhfaighidh siad an nuacht, más drochnuacht é, beidh sé bliain sula dtagann siad isteach san áit chéanna arís.
Bhí fear mar sin ann an Déardaoin seo caite. Bhí mé le dul isteach ar 8.45, agus ní raibh ann ach mé féin is é féin ag an am sin den mhaidin. Ailse brollaigh an gnoithe atá ag Sciathán A, agus d'iarr sé an t-am sin le bheith príobháideach i measc scata mór ban.Guím gach rath air.
Bhí mé istigh arís Dé Luain (inné). 2.30. Bhí na scaiftí ann, go luath sa tráthnóna. Bhí mé ag caint le bean a raibh an ailse i ndiaidh dul isteach sa chnámh aici. Ach bhí sí ag gearáin mar bhí sí ag iarraidh brostú abhaile chun aire a thabhairt dá fear chéile sa bhaile, a raibh ailse próstataigh air. Bhí bean eile taobh leis an bheirt againn ag cúléisteacht liom ag trácht ar an limféidéime. D'imigh bean (timpeall seasca bliain d'aois) síos an pasáiste lena fear cheile agus tháinig sí aníos arís tamall beag ina dhiaidh sin, súile dearga agus sceon iontu. Bhí mná ina seasamh mar bhí an áit lán go béal, agus ní ligfeadh na néaróga daofa dul amach go dtí an dorchla amuigh, in ainneoin is go ndúirt na banaltraí leo go rachaidís á gcuartú nuair a tháinig seal s'acu, le teann imní. Leis an teas, an imní agus na sluaite ban, bhí lúcháir orm go raibh an crosfhocal liom leis an atmaisféar a dhruidim amach. Ach bhí go leor ban ann inné a fuair drochnuacht, agus ní don chéad uair ach oiread.
Ceithre bliana slán. Go fóill. Wú-hú!
*osna faoisimh*
ReplyDelete:-)
Ach bhí sé deacair an bhlagmhír seo a léamh.
Mise freisin, a Dennis.
ReplyDelete@ Wú-hú!
Aontaím..:-)
Mhothaigh mé go raibh mé san áit chontráilte. Ba chuma cén nuacht a bhfaighfinn. Bhí teannas san aer an lá sin, agus deora ar leicne. Thóg sé ar ais mé go dtí an lá a bhfuair mé féin an drochnuacht. Ach mar chomhartha dóchais do na mná sin uilig (agus na fir) a bhfaighidh scéala mar seo....4 bliana ar aghaidh agus tá mé féin anseo fós. Tá cara liom a fuair daoradh báis bliana linn go fóill trí bliana ar aghaidh. Agus tá daoine eile nach bhfuil. Dóchas agus ciall, agus gach lá a chaitheamh mar is mian leat é.
ReplyDelete