Sunday 20 May 2012

Facebook don obair - Yammer



Caithim roinnt mhaith ama ar Facebook, dalta go leor againn. Úsáidim é don earnáil shóisialta atá agam, agus feidhmíonn sé go maith chun tagmháil a choinneáil le cairde is le gaoltas. Feidhmíonn Facebook chomh maith chun teacht ar dhaoine nua i mo shaol, nó daoine a d'fhág mé i mo dhiaidh nuair a bhog mé ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath.

Táthar i ndiaidh coincheapanna Facebook a chur in oiriúnit don earnáil ghairmiúil, agus an tuar go gcuirfidh a leithéid deireadh le riomhphost sna comhlachtaí a úsáideann é. 'Yammer' atá ar an ardán seo (in ainneoin is go bhfuil ardáin cosúil leis ag teacht sna sálaí air).

Cuireann Prensky síos ar an fheiniméan seo ina alt, 'The Right Stuff'. Is é Marc Prensky an fear a chum an téarma 'dúchasach digiteach'. Seans nach n-aontaíonn daoine leis ina iomláine, ach tá roinnt mhaith den todhchaí amach romhainn i dtéarmaí teicneolaíochta agus sóisialta á léiriú aige.

Ina alt thuas, deir se go bhfuilimd tagtha ón litir fhisiciúil go dtí an ríomhphost fíorúil agus go n-athróidh sé seo go dtí an t-ardán sóisialta (Facebook, Yammer, srl.). Tá seo fíor ag go leor daoine, mé féin san áireamh. Tá sé níos fusa in amanna dul isteach sa timpeallacht fhíorúil atá ag Facebook agus tráchtanna a fhágáil, ríomhphoist 'FB' a chur chuig daoine a bhfuil sé le déanamh agam, corrchomhrá bheith agam le duine ar bith eile atá ar líne ma tá an t-am agam, agus tráláil i gcomhair nuacht an lae ó chairde agus ó theagmhálacha eile atá agam ar an ghréasán áirithe sin.

Tá Yammer i ndiaidh na gnéithe seo a úsáid i ndomhain an ghnó, agus dul i dtreo cluichithe na timpeallachta oibre. Gné eile a ruaradh ag Prensky in 'The Right Stuff'.

Ceann de na gnéithe is suntasaí ag Facebook do chomhlachtaí ná a oscailteacht. Ar ndóigh, ní oibreoidh sé seo muna bhfuil an comhlacht féin oscailte! Ach má chuirtear tracht ar an ardán, rachaidh sé in airde le go bhfeicfear é ag chuile dhuine. Agus déanann cláir ar nós Facebook agus Yammer ord tosaíochta i bhfeidhm ar thráchtanna. An-tábhachtach. Agus más ceist atá ann gur féidir le duine eile sa chomhlacht a fhreagairt, beidh an freagra nó na freagraí ansin rompu láithreach. Agus beidh deireadh le ríomhphoist chuig 'allstaff' sa bhosca  poist gach maidin.

Tá Yammer in úsaid cheana ag comhlachtaí ar nós Suncorp, Pitney Bowes, Ford agus eile. Coinnígí súil amach fána choinne. Yammer nó a leithéid ar an  bhealach chuig do chomhlacht-sa.  Má oibríonn tú le comhlacht a chleachtann  oscailteacht...




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.