Monday 16 July 2012

Aithníonn blagaire blagaire eile

Rhys Morgan

In ómós d'Áine Durkin a chum a leithéid d'fhocal chomh maith agus a chuir i m'intinn é, seo scéal beag faoi bhlagadóir sheacht mbliana déag.

Chonaic mé píosa in Broadsheet inniu faoi airgead a chruinniú le haghaidh cúrsa  leigheas ailse do chailín óg. Bhí an leigheas le fáil in Institúid Burzynsksna Stáit Aontaithe. Agus ag Dia atá a fhios, má tá sé san 'Irish Times', caithfidh go bhfuil sé fíor. 


Bhí an Instiúid, nó daoine ag gníomhú ar a son, ag bagairt dlí ar an bhuachaill scoile mar gur tharraing sé droch-chlú orthu, dá réir féin. Ag tuíteáil agus ag blagadóireacht faoin easpa faisnéise dá leigheas agus an easpa dea-thoradh ar a n-iarrachtaí. I ndiaidh airgead a thógáil ó dhaoine agus a rá leo go bhfeicfí toradh. Is cosúil go ndearna sé taighde a chruthaíonn nach bhfuil a gcuid córas tastálaithe i gceart agus nach bhfuil torthaí maithe ag teacht ón leigheas. Cuimhnigh go bhfuil muid ag caint ar leigheas d'ailse 'doleigheasta' anseo, agus go bhfuil daoine óga agus a muintir i gceist, ag iarraidh mórshuimeanna airgid a charnadh, a chruinniú, a chur le chéile i lár an uafáis chun stop a chur leis an ghalar.


Lean mé an nasc ó Broadsheet go Wikipedia agus fuair mé an-chuid nasc go cásanna dlí ar son na hInstitiúide, ag iarraidh droch-chlú a scrios ó aon taifead poiblí. Ceann de na rudaí a rinne siad, agus iad sa tóir ar an scriosadóir cáile seo seacht mbliana déag, Rhys Morgan, ná a theach a aimsiú ar léarscáileanna Google agus íomhá a chur chuige ...

Ceist agam ar Áine agus ar dhaoine eile - cén Ghaeilge a chuirfeadh sibh ar 'quack medicine'?

Agus i ndeireadh na dála, ár smaointe leis na daoine sin atá sa chás is gur gá dóibh a leithéid d'Institiúid a thaighdiú ar son duine muinteartha leo. Bígí cúramach. Agus go dté sibh slán.

3 comments:

  1. Potrálaíocht is cosúil!

    Maith an fear, Rhys. Is baolach an conair é do theaghlaigh, agus faraor beidh súmairí ann i gcónaí.

    ReplyDelete
  2. Tá Dr Crowne ar buile thall ar an twitter faoi. Bhí sé san Indo freisin ach smaoinigh ar na thuismitheoirí. Bhailigh siad 20,000 cheana féin don leigheas bréige seo

    ReplyDelete
  3. Cuireann scéalta mar seo alltacht orm, ach tá trua nach beag agam do na tuismitheoirí bochta, agus dá gcruachás.

    @ quack medicine

    Tá 'leigheas maide' i De Bhaldraithe le haghaidh 'quack remedy' agus tá an focal 'scoitidheacht' i seanfhoclóir le haghaidh 'quackery'.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.