Thursday 12 July 2012

Anne an gháire



Tháinig mé féin agus Anne chuig Ollscoil na Ríona ag an am céanna. Mise mar theagascóir, ise mar theagascaí. Ach d'fhoghlaim mé an oiread ó Anne is a bhí mé in ann a thabhairt di. Bhí féith an ghrinn go smior inti, agus ciall cheannaí, agus tuiscint. Ba mháthair í agus thuig sí go raibh saol corrach ag na daoine óga a bhí in aon rang léi.
Anois, cúig bliana ar aghaidh, tá mé féin réidh leis an ollscoil agus tá deireadh lena haistear féin. Tá sí ar shlí na fírinne anois, Mor léi. Cha raibh a fhios agam í bheith tinn, agus tháinig an scéal aniar aduaidh orm. Cha raibh a fhios agam go rabhamar beirt ar an turas céanna, ach gur ghabh Anne ar dtús.Mo chomhbhrón lena muintir. Bearna mhór ina saol anois.
Mor leat, a Anne.

1 comment:

  1. Ní maith liom do bhrón. Deacair na nithe seo a thuiscint, a Réaltán. Barróg mhór uaim, a chara.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.