Tuesday 10 July 2012

San Fermín agus an mhí atá ann


Tá rud éigin faoi Mhí Iúil. Caithfidh roinnt de na fir a thaispeáint cé chomh mór míofar téagartha leo. Mórshiúlta oráisteacha ó thuaidh, rith na dtarbh in San Fermín na Spáinne, ceolchoirmeacha clabaracha i nÉirinn.

Bhí mé ag triall fad Pháirc an Fhionnuise ar an Domhnach. Ar ndóigh, níor rith sé liom go raibh ceolchoirmeacha ar siúl faoi láthair, agus bhí an áit cáidheach le clabar agus cosbheart. Ar chúis eigin, ní raibh páipéar ná buidéal folamh ná canna le feiceáil, ach bhí na mílte bróga reatha caite thart gach áit, agus corrbhuatais chomh maith. Ar thóg lucht glanta na páirce an bruscar a bhí dlite dóibh amháin a thógáil? Agus níor thit bróga faoina gcúram? Ar shiúil na daoine ar leo iad abhaile cosnocht? Ní fios. Ach an oíche sin, tháinig máthair eile chuig an teach agus d'fhan muid ag faire ar a hiníon agus an cara s'aici scáirt a chur ón pháirc agus ó 'Florence and the Machine', a rá go raibh sí ag teacht as slán sabhailte. Tháinig.


Agus ó thuaidh, tá agus beidh na fir bhuí ag iarraidh 'the Queen's Highway' a shiúl as seo go deireadh an tsamhraidh. Íoróineach go bhfuil siad ag iarraidh mórshiúl a reachtáil i mBaile Átha Cliath - más le duine ar bith an 'highway' anseo, nach le Michael D. é, cinnte? Ghlan mé amach go taobh an bhóthair sa pháirc Dé Domhnaigh le é a ligint tharam, é féin agus a leathchéad de lucht na bhfórsaí slándála.



Agus anois am na San Fermines. Ritheann fir óga (agus fir nach bhfuil chomh hóg sin) os comhair na dtarbh sa phobal beag seo i dtuaisceart na Spáinne, Pamplona. Is comhartha fearúlachta agus crógachta é landáil san ospidéal le gortú ó na tairbh. Sampla anseo:
http://www.rtve.es/noticias/san-fermin/
Cuireann siad 'encierro' ar na reathanna seo, ina ritheann na tairbh ón áit a bhfuil siad á gcumhdach, ag fanacht ar gabháil chuig an plaza de toros. Tagann an focal ón fhréamh 'encerrar' (fálú nó buachailleacht), ach tá ciall níos dorcha leis chomh maith. An-fheiliúnach, mar go gciallaíonn encierro 'adhlacadh' fosta. Agus marófar iad istigh sa plaza.Caithfidh mé a admháil, níl trua ar bith agam don aos óg. Roghnaíonn siad rith. Ní roghnaíonn na tairbh bás a fháil.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.