Saturday 28 July 2012

Rhys Morgan agus tobac


Ó labhair mé ar Rhys Morgan agus a bhlag frithchlinice tá rud saoithiúil le tabhairt faoi deara i mo chuid staitisticí. Tá suíomh ar leith ag scannáil an bhlaig cúpla uair sa lá. Níl a fhios agam an é na heocharfhocail 'Rhys Morgan', nó 'ailse' nó ceann éigin eile, ach is íoróineach an mhaise é go bhfuil suíomh a dhíolann tobac ag coinneáil súl ar mo bhlaigín! Bíodh acu, ní bhfaighidh siad anseo ach rámhaille agus buneolas do dhaoine a bhfuil an tobac curtha ar leataobh acu, má bhí siad ariamh á chaitheamh (níor chaith mé totíní le mo bheo).

1 comment:

  1. @ Tá suíomh ar leith ag scannáil an bhlaig cúpla uair sa lá

    Nach beag atá le déanamh acu! Meas tú an bhfuil Gaeilge acu..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.