Thursday 16 August 2012

Costas ailse


Cé mhéad  a chosnaíonn leigheas ailse? Tá drugaí nach gcuireann an NHS sa Bhreatain ar fáil ar chor ar bith. Ní chlúdaítear costas chaemo ar árachas príobháideach ó dheas.

D'athraigh mé ón chóras sa Tuaisceart go dtí an córas ó dheas ar fad ar na mallaibh. Seo sampla den athrú suntasach atá feicthe agam féin:

Ó thuaidh:
Cúig bliana den druga Aromasin le tógáil.
Costas gach mí: £0,000.00 (ní ghearrann an poitigéir faic ar oidis dochtúra. Faic.)
Costas bliana : £0,000.00
Costas thar an cúig bhliain: £0,000.00

Ó dheas:
Cúig bliana den druga Aromasin le tógáil
Costas gach mí: €132.00 (tá €195 ar an druga ach ní ghearrann an poitigéir ach méid an Scéim Druga, €132)
Costas gach bliain: €1,584.00
Costas thar cúig bhliain: €7,920.00



1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.