Friday 14 September 2012

Celine



Bhí m'fhear chéile istigh ag an bhearbóir Dé Sathairn seo caite nuair a bhuail fear aitheantais air. Daidí le cara an mhic nuair a bhí na leáids in aois bunscoile a bhí ann. Bhíodh am ann go mbídís isteach agus amach as tithe a chéile, mar bhuachaillí.Tá na buachaillí céanna sna fichidí anois, an scoil i bhfad taobh thiar dóibh. 

 Bhí an t-athair den leáid seo istigh ag an bhearbóir ag déanamh réidh do thórramh a mná céile, Celine. Bhí sí tar éis deireadh a chur lena turas saoil an lá roimhe san ospís. Ailse, ar ndóigh. Thart fán aois s'agam féin. Gealgháireach agus croíúil, de réir mo chuimhne.

 Mor leat, a Celine.


Dé Chéadaoin bhí mé istigh ag Ospidéal San Shéamuis le mo chúram sláinte a athrú ón Tuaisceart go dtí an Deisceart, ós rud é nach bhfuil mé ag obair ó thuaidh a thuilleadh. Tá an tIonad Brollaigh suite i lár an ospidéil. Ach an dóigh a bhfuil an clinic leagtha amach, tá daoine ag triail ar áiteacha eile agus ag pilleadh ó áiteacha eile istigh san ospidéal, ag siúl suas síos pasáiste atá i gcroílár na ndaoine atá ag fanacht ar choinne. Ma tá tú buartha, nó neirbhíseach, nó imníoch, ní bhfaighidh tú aon suaimhneas anseo roimh dhul isteach chuig an dochtúir. Tá sé chomh maith agat bheith amuigh ar bhinse ar Shráid Uí Chonaill, ná tá na múrthaí daoine ag bogadh siar aniar an pasáiste i lár na suíochán.

Agus ar dhul isteach sa seomra duit, agus tú nochtaithe ón choim aníos le dul faoi scrúdú dochtúra, níl oiread is bráillín le cur ort le do náire a chlúdach...

Ghlan mé amach an salachar ó luchóg an ríomhaire don dochtúir le go bhféadfadh sé cúpla taifead leictreonach a dhéanamh i ndiaidh mo scrúdaithe. Ach go raibh taithí agam ar na seanluchóga leis na baltaí beaga iontu gur féidir a bhaint amach is a chur isteach arís, seans go mbeinn leathuair eile ag fanacht ar an dochtúir óg an cúrsóir a bhogadh ó áit go háit ar an scáileán.

Agus bhí focal beag sciobtha leis an bhanaltra brollaigh. Mar go bhfuil mé titithe idir dhá stól - níl mé bocht go leor le haghaidh cárta leighis, níl mé saibhir go leor le fanacht ar nós-cuma-liom faoi airgead a chaitheamh ar dhrugaí agus ar ghiuirléidí eile na hailse, ní raibh ach an t-aon mholadh aici dom - fulaingt. Agus íoc.

I ndeireadh na dála, áfach, tá mé beo. Mor leat, a Celine.


2 comments:

  1. Olc agus brón orm á léamh seo, a Réaltán...ach áthas orm freisin, a chara; áthas orm go bhfuil tusa beo beathach.

    Go gcumhdaí do mhisneach thú, a Réaltán!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.