Monday 3 September 2012

Oileán agus oileán eile



Tá na scoileanna faoi lánseoil arís inniu. Thosaigh cuid acu le leathlaethe an tseachtain seo caite ach tá siad i mbarr réime arís an Luan seo. Anois, ag fiche tar éis a trí tráthnóna, tá roinnt de na páistí scoile béal dorais tagtha abhaile i ndiaidh a gcéad lá iomlán, agus ag scáirtigh ar a chéile sa gháirdín cúil, faoi sholas na gréine, ar an trampailín.

Ag brabhsáil tríd na súimh nuachta, tháinig mé ar phíosa faoi Inis Tuirc, agus chuir sé i gcuimhne domh an eispéireas an bheas ag páistí eile an lá breá fómhair seo. Ag dul isteach go hOileán Chléire dúinn cúpla seachtain ó shin, casadh cara le m'fhear chéile orainn a chónaíonn istigh ar an oileán ó na hochtóidí. Bhí a cuid páistí léi, agus bhog an comhrá go cúrsaí scoile. Mar seo a leanas an lá scoile seo acu siúd inniu:

Bád ar a ceathrú i ndiaidh a seacht ar maidin inniu  go dtí tírmór (Dún na Séad) - 45 nóiméad.

Bus ó Dhún na Séad go Cloich na Coillte (45 ciliméadar) - uair a' chloig. Díreach in am don scoil, gaelscoil dara leibhéil. Níl aon ghaelscoil níos gaire don Ghaeltacht seo.Níl dóthain páistí den aois sin le scoil dara leibhéil a chur ar fáil istigh in oileán.
.
Mamaí teacht amach ar bhád níos maille inniu agus an turas céanna le déanamh aici. Fanann Daidí ar an oileán mar tá an páiste is óige ar an bhunscoil istigh ar an oileán agus tugann Daidí aire dó siúd i rith na seachtaine, agus déanann sé a chuid oibre féin chomh maith.  Tá naonúr ar fad ag freastal ar an scoil istigh ar an oileán.

Agus ar landáil i gCloich na Coillte di tá siopadóireacht le déanamh ag Mamaí mar beidh sí féin agus an bheirt níos sine ag fanacht in arásán ó Luan go hAoine. Tá an turas ró-fhada agus ró-mhaslach le déanamh gach lá.

 Seachtain i ndiaidh seachtaine i ndiaidh seachtaine. Meán Fómhair go deireadh Bealtaine.

Faoin am go bhfuil mé ag scríobh seo - fiche cúig chun a ceathair - tá an leath sin den teaghlach ar thírmór ag socrú isteach don tseachtain i gCloich na Coillte agus an leath eile ag leanstan le rithim an oileáin. Tá na páistí beal dorais agamsa réidh leis an trampailín agus tá siad ag ithe bolgam bi lena máthair. Feicfidh siad an t-athair s'acu níos moille anocht.

Mhínigh Mamaí domh ar an bhád an lá sin go raibh roinnt teaghlach i ndiaidh an t-oileán a fhágáil do na blianta seo ar fad. Ach cé mhéad acu a fhillfeas? Ceist mhór.

Is cuimhin liom bheith ag obair ar thionscnamh le hInis Arcáin blianta ó shin - oileán taobh le Cléire, ach fá fhiche nóiméad den tírmór. Fiú ansin bhí na leáids óga ag caint ar gabháil ar ais isteach go dtí 'an charraig' ar bhád an tráthnóna, i ndiaidh filleadh ó scoil Bhéarla an Sciobairín. Bhí siad ag iarraidh fanacht lena gcairde amuigh ag Dún na Séad.

Níl an seans sin féin ag páistí a leanann leis an scolaíocht trí Ghaeilge ar an oileán Gaeltachta seo. Tá roghanna crua le déanamh ag lucht oileáin, agus seo ceann acu.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.