Friday 28 September 2012

Seanchuimhní, cuimhní nua

Maidrid , 25 Meán Fómhair 2012

Le cúpla lá anuas tá an Spáinn i ndeireadh na feide leis an rialtas ansin agus leis an ghéarcheim eacnamaíochta.

Cuatro Caminos, Maidrid, 25 Meán Fómhair 2012

Ní chuireann sé ionadh orm go bhfuil an chosmhuintir ag éirí amach i Maidrid agus in áiteacha eile, mar níl cosa san Eoraip níos cosnochta ná sa Spáinn, i gcoitine le cúpla tír eile. Níl liúntaisí cearta tacaíochta do na daoine sin atá gan fostaíocht, gán acmhainní. Bíonn seandaoine agus daoine óga ag seilg bi ó bhoscaí bruscair ar na sráideanna san oíche. Níl obair ar fáil, níl tacaíocht ar fáil. Agus ar nós go leor tír eile san Eoraip, is rí-léir ag an am céanna go hfuill go leor saibhris sa tír ag an bheagán a shuíonn ar bharr an dréimire .

Cuatro Caminos

Tá stair ag muintir na Spáinne éirí amach ar na sráideanna. Rith óige na mBascach tríd shráideanna Donostia agus áiteach eile, corrida daonna, le mo linn ansin sna hoachtóidí. Tá leanaí na ritheadóirí sin ina luí ar na sráideanna i Maidrid anois.

Stáisiún Atocha
Tá fuil Spainneach á dhoirteadh arís. fuil úr, seanchuimhní.


2 comments:

  1. Nach mór an trua go dtarlaíonn a leithéid i dtír chomh flúirseach

    ReplyDelete
  2. Abair é! Tá an Eoraip á marú féin.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.