Tuesday 23 October 2012

Am feithimh arís



An cara a chaith is a d'ól, tá sé seasca dó. Bhí cóisir ag a bhean cúpla seachtain ó shin, ceiliúradh seasca bliain d'aois.. Ach ní raibh aon chúis ceiliúrtha ann, i ndáiríre. hInseadh dó i rith na seachtaine roimhe sin go raibh ailse air a bhí imithe isteach sna nóid limfe. Agus an rud ba mheasa dúinn ar fad, moladh dó gan stopadh de na fags. Ba chosúla le faire ná le cóisir é, agus beidh tuilleadh ócáidí mar sin ann sa bhliain romhainn - breithlaethe, an Nollaig.

An rud atá le déanamh againn ar fad, ar ndóigh, ná gan neamhaird a dhéanamh air sula mbíonnn sé marbh, agus gan an iomarca airde a thabhairt dó sa dóigh is nach mothaíonn sé tachtaithe. Bíonn an claonadh ag roinnt daoine an té atá tinn a thréigint. Agus bíonn claonadh ag daoine eile 'hovermammies' a dhéanamh dóibh féin  - ar nós heileacaptair, i gcónaí ann, ag 'hoveráil' i rith an ama.

Am feithimh. Arís.



2 comments:

  1. Go raibh suaimhneas in dán dó agus dá chuid.

    Tá cuid den scil sin, plé leis an mbás, caillte againn. Bheadh mé féin idir an dá chlaonadh!

    ReplyDelete
  2. Ceapaim go mbíonn an 'feitheamh' crua ar chuile dhuine, a Réaltán, agus tá súil agam go mbeinn féin áit éigin 'idir an dá chlaonadh', freisin i.e. nach mbeadh aon cheo a dhéanfainn iomarcach, mar a déarfá.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.