Saturday 20 October 2012

Limféidéime agus próifíl



Lámha in airde cé a raibh a fhios agaibh go bhfuil lá oscailte ag Ospidéal Luke i mBaile Átha Cliath don limfidéime inniu? Duine ar bith? Ní raibh ná a fhios agamsa féin ach an oiread. Níor mhiste liom, ná tá próifíl limféidéime íseal go maith, ach bhí mé istigh ag an fhisiteiripeoir limiféidéime inné ar mheasúnú - rud a tharlaíonn gach trí mhí nó mar sin - san 'ionad feabhais' d'ailse brollaigh. Bheifeá ag dréim le póstaeir mhóra. Bheifeá ag dréim leis an fhisiteiripeoir a rá, go háirithe mar tá sé féin ag caint ann agus tá súil agam é bheith mortasach as a cheird.

Ach diabhail focal. Seans nach bhfuil an fisiteiripeoir bródúil as a chuid oibre? Seans gur ar mhaithe le cúpla uair a' chloig saor i rith na seachtaine in lieu an mhaidin Shathairn seo atá sé á dhéanamh? Seans nach dtuigean sé, i ndiaidh tríocha bliain ag obair le mná agus fir le limféidéime gur riocht í atá ar nós píonóis shaoil ag na daoine a ghoilleann sí orthu?

Do na daoine sin a bhfuil fisiteiripeoir ar nós mo dhuine féin acu, go bhfanann an jab ag an doras agus ní théann aon bhlúirín eolais thar an tairseach sin i dtreo amháin ná i dtreo eile, tá deascéal aimsithe agam faoi dheireadh. Tá Lymphoedema Ireland ar ais ar a cosa . Cláraigh anseo agus cuir ríomhphoist isteach ag cuartú eolais go rialta. Níl mórán ar an suíomh féin acu ach tá naisc mhaithe acu chuig suímh eile, seanbhunaithe agus maoimithe níos fearr,  a bhfuil breis eolais acu.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.