Tuesday 2 October 2012

Maidrid arís


grianghraf le Hugo Atman

'!!TRANQUILO YAGO, TE PONDRÁS BIEN!! #25S'
'Tóg go bog é, a Yago, beidh tú maith go leor.' an teideal atá ar an ghrianghraf thuas.
Seasann 25S don dáta a bhí mar fócas ag na léirseoirí i Maidrid, 25ú Meán Fómhair.



Tá a fhios agam go bhfuil mé ag leanstan an phoirt seo le cúpla post anuas, ach níl na rudaí seo ag teacht amach ar na meáin oifigiúla mar a tharla sa Ghréig cúpla blian ó shin. Seo postáil ó Facebook, ó shuíomh darb ainm 'República Espanola'. Tugann an teideal sin leid dúinn go bhfuil an t-údar/na húdair frith-rialtas  - ní poblacht í an Spáinn, tá Rí agus teaghlach ríoga acu - ach ina dhiaidh sin is féidir linn an méid a scríobhtar a ghlacadh ar bord de réir mar is mian linn.





La manifestación había transcurrido sin incidentes de mención hasta ya anochecido los ánimos se fueron caldeando y empezaron las cargas policiales. 

'Chuaigh an feachtas poiblí ar aghaidh gan trioblóid go dtí gur thit an oíche nuair a theasaigh rudaí agus rinne na péas ionsaí '

Tugann sé m'óige ar ais chugam, i mBéal Feirste sna seachtóidí. Tá Béal Feirste ag teacht chuige féin go fóill i ndiaidh na mblianta sin, agus bealach fada le dul go fóill. Caidé mar a thiocfas an Spáinn as seo? Tá siad ag déileáil le hoidhreacht Chogadh na mBráthar ann go fóill, ó na tríochaidí. Agus anois, é seo. 



2 comments:

  1. Beidh deacrachtaí pan-Eorpacha ann fós.

    Ní féidir leanacht ar aghaidh. Ach is cosúil go leanfar tamall eile fós.

    ReplyDelete
  2. píosa spéisiúil ag an bbc mar gheall ar na cataláinigh agus an ghéarchéim eacnamaíochta. http://www.bbc.co.uk/news/business-19799572

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.