Thursday 29 November 2012

Ag an aerfort, Áth Cliath

D'fholmaigh mé cuimhne an tseanfhóin atá agam mar go bhfuair mé ceann nua agus tháinig mé ar na pictiúirí seo, ón aerphort. Google Translate, mar dhea.


Is cuimhin liom an uair a thóg mé iad. Tháinig fear slándála ionsorm, ag iarraidh a dhéanamh amach cad a bhí ar bun agam, ag glacadh pictiúirí san aerphort. Caithfidh go raibh cuma sceimhlitheora orm.




Ar a laghad, tá an ceann thíos i gceart. An chéad uair go bhfaca mé é, bhí 'Pá anseo' in airde in áit 'Íoc anseo'.


11 comments:

  1. Agus nuair a bhí "Pá anseo" ann, an bhfuair tú aon phá ann?

    ReplyDelete
  2. Ní fearr Gaeilge bhriste ná an Béarla cliste, agus iad le chéile ar fhógraí.
    GRRRRRRrrrrrrr!!!!!

    ReplyDelete
  3. Chuir mé an chéad phictiúr ar Twitter anois díreach agus fuair mé tuít as ais ó Mhaitiú Ó Coimín:

    “seanphictiúir. Ó tógadh Críochphort 2 cuireadh Gaeilge chruinn ar na comharthaí.”

    *osna faoisimh*

    ReplyDelete
  4. Is fearr go mall ná go brách, seans..:-)

    ReplyDelete
  5. níl siad uilig cóirithe, a Dennis. Ná baol air. Ach beidh mé ag dul an bealach sin i gcionn cúpla seachtaine agus bhéarfaidh mé liom an ceamara.

    ReplyDelete
  6. A Ormondo - chuaigh mé a fhad leis na meaisíní, lán dóchais, ach ag iarraidh airgead a ghlacadh uaim a bhí siad, in áit á bhronnadh orm. B'shin an chéad chomhartha gur cheartaigh siad, ach tá roinnt de na cinn eile ansin gan ceartú go fóill.

    ReplyDelete
  7. An bhfuil "barr suas" feicthe agat go fóill? Ná téigh go dtí suíomh idirlíne an Leap card lán stad.

    ReplyDelete
  8. ó, a Néidí, chonaic mé é ach níor chreid mé é! Bhí orm an Béarla a fháil ar ais ar an scáileán lena thuigbheáil cad a bhí i gceist acu. Nach mór an náire iad!

    ReplyDelete
  9. ar an suíomh céanna, a Néidí, don chárta LEAP, nuair a chrom mé le mo chuid seirbhísí profléitheorieachta a thairiscint do CIE, ar an leathanach 'déan teagmhail linn', tá siad dúnta Lá Nollag agus 'Faiche La'. Glacaim gur Lá 'le Stifáin atá i gceist.

    ReplyDelete
  10. Fuair mé amach go bhfuil tú in ann moltaí a dhéanamh ar an suíomh le roinnt de na haistriúcháin ach níl gach píosa téacsa ag ligint do mholtaí. Ach nach mór an náire nach bhfuil siad sásta cúpla pingin a thabhairt do leithéidí 'Fiontar'jab ceart a chinntiú?

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.