Friday 23 November 2012

Cinnte dearfa



Fuair mé scairt gutháin anocht, glaoch anaithnid. Bhí an guth (fear, ar ndóigh, agus Éireannach) ar an taobh eile den líne ag iarraidh a chur in iúl domh nach raibh ginmhilleadh de dhíth ariamh ar aon chúis agus luaigh siad ollamh le leigheas míochaine, Eamonn O'Dwyer, mar thaca leis seo. Ansin d'iarr an guth orm mo bharúil i leith ginmhillte a thaifead trí chnaipe 1, 2 nó 3 a bhrú. Ní cuimhin liom na roghanna le haghaidh 1 agus 2 (bhí m'iníon ag iarraidh an fón a bhaint as mo láimh le héisteacht leis an teachtaireacht) ach dá mba mhian liom reachtaíocht ginmhillte mar atá sa Bhreatain (i. ginmhilleadh ar a éileamh) hiarradh orm cnaipe 3 a bhrú.  Nuair nár bhuail mé aon chnaipe tháinig guth Meiriceánach ar an líne ag iarraidh orm mo rogha a dhéanamh athuair. Ansin gearradh an líne.

Bhí mé díreach tar éis bheith ag léamh faoi na scairteanna seo cúpla uair a chloig ó shin. An rud is spéisúla faoin alt san 'Irish Times' ná go bhfuil bean ón Life Institute ag maíomh nach bhfuil sé cinnte go ndéanfaidh a leithéid de scairteanna aon dochar dá cúis. 

I ndáiríre? Is dóigh liom go léiríonn an dearcadh sin meon lucht agóidíochta na frithghinmhillte. Scairt go hard, agus suífidh daoine ciúin. Tabhair amach, agus cúlóidh daoine. Tabhair taobh amháin den scéal do na daoine agus glacfaidh siad leis mar is cinnte nach mbeidh siad in ann aon dearcadh eile a aimsiú in aon áit eile.

Ní dóigh liom go dtuigeann lucht agóidíochta 'pro-life' go bhfuil muid tar éis  an náire a brúdh isteach go smior i mo ghlún ar scoil ag na mná rialta (nó na bráithre) a chaitheamh uainn. Tuigimid nach bhfuil an saol dubh agus bán. Tá liath agus glas agus dearg ann. Dearg na fola, fuil ban. Agus nílimid sásta suí ciúin a thuilleadh.  Ní sochaí mheánaoiseach í seo. Níl an domhan chomh cinnte dearfa sin.

2 comments:

  1. @ Níl an domhan chomh cinnte dearfa sin.

    Níl, go deimhin, a chara.

    ReplyDelete
  2. “Tuigimid nach bhfuil an saol dubh agus bán.”

    Áiméan!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.