Wednesday 28 November 2012

Oíche fhuar fheannaideach


Bhí mé ag obair anocht go dtí a naoi, agus bhí sé leathuair tar éis a naoi faoin am ar shroich mé an Dáil. Bhí agóid ar siúl agus bhí mé ag iarraidh bheith ann. Rinneadh díghuthú ar dhaoine nár aontaigh le seasamh ceartchreidmheach an stáit in éadan an ghinmhillte le blianta fada anseo. Ach athghuthú atá faighte ag daoine anocht. Oíche dhuar fheannaideach a bhí ann ach bhí scaifte ann agus iad ag béicíl in ard a ngutha - mar a bhí roimhe - óg agus aosta, fir agus mná. Agus Gardaí le súil a choinneáil ar chúrsaí. Léar mór Garda.

Agus na polaiteoirí? Tháinig Eric Byrne ón Lucht Oibre amach ach d'imigh sé ina rith ar ais isteach sa Dáil mar b'fhuaire an fháilte a bhí roimhe ná an oíche seaca féin. Ag imeacht leo amach an doras cúil leo, ar ndóigh, mar theachtaí. Ach ba leor nach raibh siad ag iarraidh theacht agus labhairt linn. Léirigh sé go dtuigeann siad go bhfuil cás le freagairt.

Ach amháin seanadóir ó Shinn Féin - agus dúradh linn cead a chinn a ligean leis mar gur le Sinn Féin é. Ní thuigim sin. Port eile ar fad atá ag Sinn Féin ó thuaidh ar an toipic seo - seasann siad gualainn le gualainn leis an DUP in éadan Marie Stopes agus a leithéid sa stáitín sin. Séideann siad leis an ghaoth ar an cheann seo ó dheas, is léir. Briseann an dúchas Caitliceach amach ó thuaidh ach tuigeann siad go bhfuil athrú ag teacht i réim i meon na ndaoine anseo?

5 comments:

  1. Molaim do chead aighnis ( agus do mhisneach dul i gcoinne na fuachta ) cé nach dtagaim leat ar chor ar bith!


    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. grma a Fhearn, tuigim mach dtagann go leor daoine liom ach ba mhaith liom an rogha bheith ann, fiú le diúltú. grma arís.

      Delete
  2. Mura gcuirfear mná soir leis an ngeáitsíocht, cuirfear thar lear iad, a Réaltán - an 'know but ignore' sin atá feicthe go minic agam thar na blianta.

    ReplyDelete
  3. Ar cuireadh an ruaig ar Eric Byrne mar go raibh sé ag marcaíocht go deistapaíoch ar an gceist seo, nó cén fáth ar cuireadh an ruaig air, meas tú?

    Ceapaim féin gur ceist chasta í an ginmhilleadh nach bhfuil a réiteach le haimsiú in aon áit ar an mblár catha cúng idir lucht na ceartchreidmheachta agus lucht na frithcheartchreidmheachta, áit nach mbíonn an fíorshaol ina chónaí de ghnáth.

    ReplyDelete
  4. Cuireadh an ruaig ar Eric mar gur vótáil sé in éadan bhille Clare Daly,sé sin, gur vótáil sé leis an pháirtí (Lucht Oibre) gan aon athrú a dhéanamh (fós). Ach mar 'Red Eric', is casadh 'U' atá ann dó, ag vótáil ginmhilleadh a choinneáil amach as reachtaíocht go fóill. Agus bhí sé díchéillí go leor gan éalú amach an doras cúil, mar a rinne móramh na dteachtaí.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.