Saturday 8 December 2012

Breithlá sona dom, ar an iomlán



Tá mé 52 inniu. B'shin an fáth leis an ainm neamhghnáth - réalt na mara, Stella Maris,  féile eaglasta ag Muire inniu. Bhí Mary amháin sa chlann romham cheana, agus chuaigh mo mháthair i muinín ainm eile, mar sin, a bheadh bainteach leis an naomh. Bhí an t-ádh dearg liom, ar ndóigh, nach 'Concepta' nó 'Immaculata' ar chinn mo mháthair orthu.

Le cúpla lá anuas bhí mé ag dul siar ar na deascéalta agus na drochscéalta a bhí agam le tamall anuas. Tagann maith agus olc le gach scéal, ar ndóigh, agus tá mé buíoch, ar an iomlán, agus mé ag ríomh na mblianta.

Tá mé beo. Ní fhéadfaí glacadh leis sin cúig bliana ó shin. Bhí ailse orm, bhí histireachtóime agam agus leanann limféidéime mé i dtólamh. Ach tá mé beo agus sláinte réasúnta agam, agus glacaim le gach lá mar bhónas. In amanna bím cantalach faoi na rudaí atá mo chrá ach ansin cuimhním nach beo a bheinn ach faoin fhód (nó sa mhias luatha) dá mba rud é gur sna caogaidí a rugadh mé in ait na seascaidí. Tá an gloine leathlán.

Tá cairde atá básaithe ón ailse le cúig bliana anuas. Cuimhním ar Anne Hand, iardhalta as Ollscoil na Ríona, a fuair bás i mbliana. Maria Nic Lochlainn, chomhghleacaí as Doire. Cara i nDún Dealgan, Majella. An triúr acu seo chomh gealgháireach leis na feileacáin. Cuimhním ar m'athair chleamhnais, Fiachra, fear mór téagartha ar bhuail an ailse air. Mick Boran, fear séimh de chomhmhúinteoir a fuair bás tobann ag faire ar a chlann mhac.  Don, Linda agus Carol, uilig go léir ag obair sa scoil chéanna liom in éineacht le Mick. Ach tá cairde eile ar gabhadh iad ag ailse agus a tháinig amach slán in éadan gach a bhí á thuar daofa. Maria, as Contae an Dúin, ar tugadh sé mhí di, cúpla bliain ó shin anois.  Tá cairde i ngleic leis an ailse faoi láthair, agus muid ag famacht is ag leanstan leis an saol ó lá go lá. Tá an gloine leathlán.

8 comments:

  1. Go maire tú an chéad, agus bliain ina dhiaidh chun aithrí!

    Go raibh tacaíocht agaibh ar fad ar bhur n-aistir faoi sheach, agus suaimhneas ag na mairbh agus a muintir.

    ReplyDelete
  2. Is breá liom na coinnle agus tá cuma bhlasta ar an gcáca! Bain sult as an lá!

    ReplyDelete
  3. D'fhulaing tú a lán a Réaltán agus ina dhiaidh sin is uile bíonn tú i gcónaí toilteanach sásta bheith ag cuidiú le daoine eile is uchtach is comhairle a leasa a thabhairt daoibh.
    Molaim go mór thú a chara is tá mé féin iontach sásta go bhfuil tú inár measc go fóill.
    Déarfadh achan duine de do chairde an rud céanna.
    Lá breithe sona duit a Réaltán.
    Bain sult as an chuid eile den lá.

    ReplyDelete
  4. Breithlá sona duit agus go mbaine tú sult as an lá.

    ReplyDelete
  5. @ Bhí an t-ádh dearg liom, ar ndóigh, nach 'Concepta' nó 'Immaculata' ar chinn mo mháthair orthu.

    ASG!

    Aiféala orm nach raibh mé ar an eolas faoi do lá mór, a Réaltán, agus, dá bhrí sin, táim mall le mo bheannacht, ach tá súil agam go raibh lá iontach agat, a chara..:-)

    ReplyDelete
  6. Ag caint le bean inniu féin, díreach, fuair mé amach gur amárach a breithlá-sa (50) agus go bhfuil sí féin ag teacht chuici féin i ndiaidh babhta ailse roinnt bliain ó shin. Nach ait an mac an saol. Agus tá sí beo léi. Tá an gloine leathlán!

    ReplyDelete
  7. Go maire tú. Táimid i gcomhaois anois, go mí Feabhra.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.