Monday 14 January 2013

Flegs

Loyalists against Democracy


Tá mé ag leanstan feachtas an bhrataigh sa Tuaisceart ar Facebook le tamall. Ní rithfeadh a leithéid de smaoineamh liom sa ghnáthshlí, ach tháinig an leathanach thuas ar mo cheann féin go rialta, agus nuair a léigh mé cúpla póstáil, thuig mé gur scigleathanach a bhí i 'Loyalists Against Democracy'. Ach ba léir nár thuig go leor fíorAondachtóir é seo.

Ag an tús, léigh mé liom idir uafás agus greann ar an suíomh. Aondachtóirí a bhí ag tabhairt amach d'éascaitheoirí an tsuímh go raibh siad ag ceadú do náisiúnaithe póstáil ar an leathanach, agus nach raibh siad féin sásta bheith ar leathanach 'measctha'. Agus daoine a bhí ag tabhairt rabhaidh do lucht póstála bheith cúramach mar go raibh spiairí ag coinneáil súil ar an leathanach. Ní fhéadfá é a chumadh.

Agus tá uafás ann chomh maith.  Daoine ag bagairt ar a chéile 'we'll find out where yez live through yer IP address' (Is maith liom freagra amháin ar an cheann sin - gur leis an C.I.A. Facebook agus nach mbeidh siad in ann 'hackáil' tríd) Daoine a bhí ag bagairt ar an 'PSNIRA'.

Tá a fhios agam go bhfuilthear ann ar an dá thaobh den deighilt atá beo beathaíoch ar an mheon sin, meon na brúidiúlachta, ach mo léan, nach uirlis iontach atá againn san idirlíon, uirlis a nochtann rún gach sóirt!

Más mian libh féin 'spiaireacht' a dhéanamh, gabh isteach in 'Facebook' agus cuartaigh an leathanach thuas, agus cinn eile, ar nós -

Ulster is British No Surrender

Save our flag Newtownabbey

North Down Flag Protests

Agus muna dtuigeann tú an teanga atá in úsáid: Ulster Translates






2 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil an duibheagán beo beathach fós.

    ReplyDelete
  2. @ Ní fhéadfá é a chumadh.

    Go deimhin..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.