Wednesday, 9 January 2013

Imirce


Íomhá a chonaic mé ar Facebook ó 'leathanach' Spáinneach. Bhí píosa scríofa taobh leis - "fadó, bhídís ag imeacht; sa lá atá inniu ann, tá siad dá gcaitheamh amach".

An Ghearmáin an tír a bhfuil siad ag eitilt chuige san íomhá. Tá stair fhada ag Spáinnigh dul go dtí an Ghearmáin, i measc tíortha eile. Ní fios an gcuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh aon Eorpach sa Ghearmáin (ná aon chine eile, ar ndóigh, seachas na Gearmánaigh iad féin) sa lá atá inniu ann. Níl geilleagair na tíre udaí chomh folláin sin is go mbeidh folúntais ann i láthair na huaire!

Agus fiú má théann siad ann, lena gcéimeanna oideachais, an mbeadh glacadh leo? Tá an fhadhb chéanna ag céimithe ó thíortha ar an choigrích sa tír seo. Fiú má tá glacadh leis an chéim (tar éis a fiosrú, ar ndóigh), bíonn próiséas le leanstan i gcás go leor postanna gur gá clárú le Cumann ar leith ann - múinteoireacht, mar shampla, nó banaltracht.

Agus tá bacanna teanga le sárú.  Is cúis inspéise é go gcaithfidh Béarla ar leibhéal Eorpach B2 bheith ag iarratasóirí óga ó scoileanna dara leibhéil sa Spáinn atá ag cur isteach ar chúrsaí ollscoile sa tír sin féin. Is cuma an fisic, socheolaíocht, péintéireacht ná Spáinnis féin atá i gceist sa chéim, caithfidh an leibhéal áirithe Béarla bheith ag an dalta scoile le fáil isteach sa chóras ar chor ar bith. Agus tá an leibhéal sin measartha ard. Ar ndóigh, ciallaíonn sé sin chan amháin go mbeidh teacht ag na Spáinnigh óga ar thaighde an domhain a fhoilsítear don chuid is mó i mBéarla, ach go mbeidh an teanga ar a dtoil acu, réidh don imirce nuair a bheidh an chéim bainte amach acu. Ar ndóigh.

4 comments:

  1. Chuaigh mé féin chun na Gearmáine i 1990.

    Bhí beagán cantal orm nár glacadh le mo chéim ar chomhchéim le Céim Ollscoile Gearmánach. Laistigh de bhliain nó dhó oibre, ba chuma. (ó thaobh tuarastal)

    Ach bíonn na deacrachtaí céanna i gceist le haon athrú ó thír go dtír.

    Maidir le Béarla; sin an lingua franca nua. Ach beidh deacrachtaí sóisialta acu sa Ghearmáin mura bhfuil teanga na tíre acu.

    ReplyDelete
  2. Ach tig leo an Ghearmáinis a fhoghlaim de réir a chéile sa chomharsanacht, nach dtig?

    ReplyDelete
    Replies
    1. Cheist mhaith. Níl fhios agam. Bhí Gearmáinis agam agus mé ag dul ann. Na daoine eile a chuaigh liom (naonúr san iomlán), bhí taithí éagsúla aici. Cuid acu, d'fhoghlaim siad - le ranganna don gcuid is mó. Cuid eile, d'fhán siad i measc lucht an Bhéarla go sóisialta.

      D'iompaigh mise i mo bhundúchasach go gasta!

      Delete
    2. Braitheann sé cuid mhaith ar an duine féin, ar a dhearcadh agus ar a chumas. Más as a stuaim féin a thagann duine go dtí an Ghearmáin agus má sheachnaíonn sé lucht a theanga féin (go ceann tamaill ar aon nós) d'fhonn a bheith lántumaithe sa timpeallacht nua agus an teanga a fhoghlaim, d'fhéadfadh sé líofacht fheidhmiúil éigin a bhaint amach taobh istigh de bhliain.

      Tá aithne agam ar dhaoine, áfach, atá anseo leis na cianta a d'fhan i measc lucht a theanga féin agus níl siad ar a éascaíocht fós le teanga na tíre.

      Delete