Puerto de la Cruz |
Scríobh Áine Durkin trácht i 'Rámhaille' ar rúin na bliana úire, agus bhí mé ag plé an phíosa sin ar Raidió na Life aréir. Chuir sé ag smaoineamh mé ar mo bhealach abhaile ar an bhus (bíonn am agam ar an bhus dom féin. Is maith sin!)
Bhí mé ag trácht roimhe seo go sciobtha ar Tenerife, áit ar chaith mé an Nollaig. Bhí mé ag baint leasa as an aiméar saoire chun cuairt a thabhairt ar an deartháir chomh maith. Is duine é a dhéanann taisteal go minic ina chuid oibre. Ní bhíonn a fhios againn an i Meiriceá thuaidh, an Eoraip, Meiriceá Theas nó sa 'bhaile' in Tenerife é ar aon dáta ar leith. Bhí an t-ádh liom theacht air ina theach féin ag an am céanna is go raibh mé féin is mo chéile ar an oileán.
Bhain muid an-sult as an chuideachta, ar ndóigh. Agus oíche go raibh muid ag plé cúrsaí de gach saghas, tharla gur luaigh sé go raibh pinsean aige cheana ón phost a bhí aige le blianta fada sula ndeachaigh sé ag obair le NASA agus ESA (Is breá liom é sin a rá ... mo dheartháir, a oibríonn le NASA, ... mo dheartháir? An duine a oibríonn le NASA? ... cé acu deartháir atá i gceist agat, an ceann atá ag obair le NASA, an ea? ...srl....). Cibé ar bith, tá pinsean aige (níl sé seasca fós ach ag dul an treo sin). Chuir mé an cheist, cén fáth an raibh sé ag cur dua air féin glacadh le post nua, post a chuirfeadh go leor stró air idir taisteal agus freagrachtaí nuair a bhí sé ina shuí go te? Níor fhreagair sé sin, ach ba léir nár smaoinigh sé ariamh nach raibh slí eile ann ach bheith ag obair.
Chuir sé seo ag macnamh mé. Sular éirigh mé tinn, seans nach mbuailfeadh sé liom smaoineamh ar bhealach eile le bheith beo seachas ag obair. Ach tharla an tinneas, agus d'athraigh sé an dóigh a smaoiním ar mo shaol. Ní ghlacaim leis go mbeidh mé beo bliain as seo níos mó. Seans go mbeidh, ach níl aon chinnteacht sa saol a thuilleadh. Ní hionann sin is a rá go suím ar leac an dorais le gach 'ochón' asam, ar ndóigh. Is cirte a rá go nglacaim leis a saol a chaitheamh go fiúntach, i mo thuairim féin de cad is fiúntas ann. Tuigim anois go bhfuil an saol teoranta, agus níl mé óg a thuilleadh!
Cinnte, tá an saol corrach. Níl an saol féaráilte ar chor ar bith. Tá mo thuismitheorí ag tarraingt ar nócha, ach ina dhiaidh sin fuair col ceathrar le mo chéile bás an tseachtain seo in aois an dá scór go leith. Tá daoine ann a maireann a gcorp agus a n-imíonn a n-intinn. Tá daoine ann a leagann busanna iad. Tá daoine ann a mhaireann fada buan agus a n-intinn chomh géar is a bhí ariamh. Tá daoine ann a mbuaileann galar iad go hóg is go tubaisteach.
Tháinig snag ar mo shaol féin, is thug sé rabhadh domh. Leis an chuid eile den saol atá fágtha agam - fiche seachtain nó fiche bliain - déanfaidh mé na rudaí atá tabhachtach dom féin, chan na rudaí a mheasann daoine eile bheith tabhachtach.Agus dá mbeadh pinsean agam nach mé an cat a bheadh ag crónán!
Gaois.
ReplyDeleteMar sin féin, seans nach amharcann sé ar an obair mar stró?
seans nach n-amharcann!
ReplyDelete