Monday 4 February 2013

An ceadúnas nua


Chaill mé an ceadúnas tiomána ar na mallaibh. In Tenerife. Chir sé goimh orm ná ní raibh an ceann nua agam ach cúpla mí.

Chuaigh mé síos chuig an stáisiún garda (cinnte, tá ceann againn go fóill) roinnt seachtainí ó shin, ó dúirt m'iníon liom go bhféadfainn dhá phointe píonóis a fháil gan ceadúnas a sholáthar do ghardaí dá n-iarrfaidís orm é agus mé sa charr ar an bhóthar.

Líon mé an fhoirm sa stáisiún agus fuair mé síniú cuí ón gharda. Cúpla lá dar gcionn síos chuig oifigí Chluain Dolcáin leis an cheadúnas nua a iarraidh. Bhain mé ticéad le uimhir air ón mheaisín atá acu ansin le múineadh a chur orainn scuaine mar is ceart a chur i bhfeidhm. 142. Bhí siad ar obair le 133. Ní bheadh mórán le fanacht agam.



I mo shuí ag feithimh, chuimhnigh mé go raibh an cárta nua ag teacht amach an tseachtain dar gcionn. Bhí rí-rá sna meáin faoin chóras nua grianghrafanna don chárta plaisteach. Ar eagla na heagala, chuaigh mé ionsar an deasc eolais go ndéanfainn cinnte an ndéanfadh mo dhá ghrianghraf bheaga cúis.
'Ó, déanfaidh siad sin cúis go fóill, cinnte, ach beidh ort an fhoirm nua a líonadh isteach agus a fháil sínithe ag garda. Amach an doras agus síos an sráid.' Agus bhronn sé an fhoirm nua orm. I mBéarla. Ní raibh leagan Gaeilge ar fáil.

Níor bheacht a rá go raibh mé curtha amach. Bhí mé curtha amach, cinnte, mar ach gurb é gur sheiceáil mé, bheinn in airde ag an deasc ag éisteacht leis seo. Bhí scáileán leictronach fógraí acu ag fógairt go leor rudaí i ndiaidh a chéile ach ní raibh an fhoirm nua ar cheann de na fógraí sin agus mé ag fanacht ar mo sheal, ag féachaint ar eolas éagsúil ar sheoltaí, ar rialacháin nua do cheadúnu tiománaithe, ar údaráis ceadúnaithe, ar athnuachaint cánach don charr. Nope. Ach bhí mo thicéidín i mo ghlaic agam. 142. Agus bhí siad ar 138 cheana. B'shin a chuir olc orm.



Ní raibh neart air. D'fhan mé ar pheann (ní raibh ceann liom, nach raibh m'fhoirm líonta agus sínithe agam?) mar bhí ganntanas peann san áit (sciobtha, seans) agus nuair a bhí peann saor ar fáil  líon mé isteach an fhoirm nua.Tharraing mé ticéidín nua ar an bhealach amach. 166. Amach an doras liom go stáisiún na nGardaí le síniú a fháil. Rith. Síniú faighte, garda gléigheal. Rith ar ais. Bhí siad ag 141!

Chuaigh mé suas. Ceist faoin ainm - an mbíodh m'ainm i nGaeilge ar gach ceadúnas tiomána a bhí agam? Bhí agus tá. Seo bille lena chruthú, a chroí. Agus pas. Agus bille eile. Agus seanchárta aitheantais ón ollscoil. Tá a fhios agam nach bhfuil tú ach ag cur ceist ach seo an freagra.  Seo m'ainm. Ní leagan de m'ainm é ach m'ainm.

Tháinig an cárta cúpla lá ina dhiaidh sin sa phost. An-bheag. Furast a chailleadh! Agus athrú suntasach amháin. Sa seanchárta páipéir bhí m'áit bhreithe curtha síos mar 'Aontroim'. An contae.
Anois is léir gur ó 'Northern Ireland' mé. Ní amháin gur athraigh siad an teanga ach réab siad an t-oiléan.Tá 'Ireland' agus 'Northern Ireland' ann. Cén fáth nach 'Republic of Ireland' atá ann, mar sin? Béarla amháin ar na foirmeacha, Béarla amháin sna hoifigí, Béarla amháin ar na hainmneacha, Béarla ar na cártaí ... Muise, má leanaim ag scríobh faoi seo beidh mé tamall ag dul don phort. Abraigí cad é mbur mbarúil féin.


3 comments:

  1. Cuir faoi bhráid an Coimisinéara Teanga é, agus faoi pé dream atá freagrach.

    Deacair a rá, ach tá siad ag sárú spiorad an Achta ar a laghad.

    ReplyDelete
  2. Tugtar Anne orm féin go minic, agus Béarlóirí oifige ag léamh m'ainm. Osna, osna, osna...

    ReplyDelete
  3. Is cosúil go bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báite in umar aimléiseach na lagmheasarthachta, na sleamchúise agus an aineolais. (Agus na daille ar an aineolas.)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.