Wednesday 6 February 2013

Sos macnaimh, sos dlí


Bhí a fhios ag an tsaol mhór nach sos coicíse le haghaidh macnamh a dhéanamh a bhí i gceist ag Enda Kenny inné, ag trácht ar na Neachtlanna Maigdiléana, ach sos dlí. Coicís leis na dlíodóirí a chur ar obair, go bhfeicfidh siad cad í an fhoclaíocht is fearr agus is costas-éifeachtaí ag an Rialtas.

Ach ar ndóigh, sin an dearcadh ciniciúil. Bhí mé i dteagmháil le Samantha Long inné, ag cuidiú lena cuid Gaeilge a dhéanamh réidh do na meáin. Rugadh Samantha i gceann de na Neachtlanna seo, agus uchtadh í ina babaí. Bhí sí fásta aníos go maith sular thuig sí go raibh a máthair sa phríosún ansin go fóill, nuair a chas siad ar a chéile. Bhíodh blag aici féin ag cur síos ar a turas, http://mammisammi.wordpress.com/, ach nuair a chuaigh mé lena nascadh anseo fuair mé amach nach bhfuil sí ag leanstan leis. Is 'ba maith liom bheith i mo pholaiteoir' í, agus b'fhéidir go bhfuil mé ciciniúil arís mar ba bhlag iontach a bhí ann atá scriosta aici, taifead ionraic agus oscailte. Ach ó is polaiteoir-le-bheith anois í, seans gur mhol an páirtí di an chuid sin dá saol a chur i bhfolach, Páirtí Enda. Ach ina dhiaidh sin, is cinic mé.

Ag éisteacht leis an raidió inné, agus fianaise na mban atá beo fós ag dul amach ar na haerthonnta, chuaigh m'intinn siar chuig mná mo linne féin. Tá mé caoga dó. Bhí mé sna déaga le linn na seachtóidí, i mBéal Feirste. Bhí scéal ann sna seachtóidí faoi chomharsan - cailín ar chomhaois leis an chuid eile againn, a comhghleacaithe scoile, agus bhí sí bhí imithe 'ó dheas'. De réir an scéal seo, bhí sí ag iompar clainne (gan bheith pósta, ar ndóigh), agus chuir a teaghlach go dtí 'home' i gContae an Chabháin í. An scéal oifigiúil a bhí ag gabháil thart, ar ndóigh, ná go raibh sí imithe ar imirce go Meiriceá. Chuireamar suntas sa phróiseas lena honóir agus le honóir an teaghlaigh a chaomhnú. Scríobh sí cártaí agus litreacha i gContae an Chabháin. Thug sí do na mná rialta a reachtáil an 'home' iad. Chuir siad go sagart i Meiriceá iad. Chuir seisean ar ais go hÉirinn iad, stampa Meiriceánach mar chruthúnas gur ansin a bhí sí.Agus nuair a bheadh an leanbh aici, dhéanfaí an leanbh a uchtáil agus bheadh sí saor le gabháil go Londain, nó teacht abahile, nó aon rud gur mhian léi a dhéanamh.

Bhíomar chomh soineanta sin sna seachtóidí.

Ach ceist agam orm féin anois. Cá ndeachaigh na cailíní sin a d'fhág an scoil i lár an téarma, a caitheadh as a mbailte agus scaradh óna muintir agus nár tháinig ar ais ariamh? Cad a tharla don chailín sin a bhí 'i gContae an Chabhain'? Ná bac le 'cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad', tá mairgní le teacht agus caoineadh go fóill le déanamh ar na mná a d'imigh nó a fuadaíodh nó a ceilteadh nó a buaileadh nó a mí-úsáideadh. Cad a dhéanfaimid feasta gan an glún sin ban a shuigh taobh linn inár seomraí ranga, sa bhinse romhainn ag faoiside Dé Sathairn, os ár gcomhair amach ar an bhus ag teacht abhaile ón scoil nó taobh thiar dúinn i scuaine sa bhácús nó ag an ghrósaeir nó ag an bhúistéir ag déanamh 'teachtaireachtaí' dá máithreacha féin.

Ba chailíní a bhí ag iompar clainne gan súil is mó a bhí sna mná óga seo a tháinig ón Tuaisceart. Scuabadh iad ar leataobh. Níorbh ann daofa. Damnaithe má bhíonn leanbh agat, damnaithe má bhíonn ginmhilleadh agat. Sin mná duit.


2 comments:

  1. Píosa cumhachtach.

    Ceist eile agamsa. Bíonn fear i gceist i gcónaí freisin - athair an linbh. Freagracht acusan fosta. Ní cloistear faoi.

    Cloistear faoi filleadh an mac drabhlásaigh. Is beag fáilte roimh an iníon drabhlásach ag filleadh (dála an scéal Sagairt Paróiste i lár tíre, ar Aifreann a chuir an méid sin faoi bhráid an phobal dosaen éigin bliain ó shin)

    ReplyDelete
  2. Píosa láidir a Réaltán, maith thú.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.