Monday, 25 March 2013

Cá bhfuil na fir?




Bhí píosa sa ‘Sunday Business Post’ inné, ag trácht ar na bainc agus cinnidh chrua a bheas le déanamh ag teaghlaigh amach anseo. San alt seo, tagraíonn ‘teaghlaigh’ do na clanna sin a bhfuil athair agus máthair i gceist agus muirín orthu.

Dar leis an nuachtán, beidh na bainc ag iarraidh ar na mná (= máithreacha) a gcuid post a ghéilleadh má chosnaíonn cúram leanaí níos mó ná mar atá siad féin, mar mhná (= máithreacha) ag tuilleadh.

Ar ndóigh, dar leis na bainc (más fíor an scenario seo), seo bealach éasca leis na leabhair a choimead. M = A = L. Tugann Mná amháin mar mháithreacha Aire do Leanaí. Ach d’fhág siad cúpla fachtóir ar lár sa chothromóid.


F.
Cá bhfuil na fir sa chothromóid seo? Má chosnaíonn cúram leanaí mile euro sa mhí, nach dtagann an mhíle euro sin as sparán na beirte? Nó an é nach bhfuil aon fhreagracht ar na fir as tógáil a gcuid clainne sa bhliain 2013? Rugadh m’iníon sa bhliain 1987 agus bhí an comhrá ceannann céanna agam lena hathair ó thaobh airgid agus cúram leanaí de, agus fiú ina dhíneasár déanta agus ina chúntasóir é, bhí bunghlacadh aige go raibh an bheirt againn páirteach sa tógáil, agus an bheirt againn freagrach as billí a cúraimse.



G.
Cá bhfuil na heagraíochtaí a ‘chosnaíonn an saol’ ina measc seo? Má tá bainc i ndáiríre faoin nóisean seo go bhfuil mná agus mná amháin freagrach as an mhuirín mar nach dtuilleann mná an oiread airgid le fir fiú sa bhliain 2013, níl ach réiteach amháin ar an scéal. Ní thabharfaidh mná muirín orthu féin an chéad uair. Agus má tharlaíonn torrach iad, beidh Ginmhilleadh Éireannach acu – a  bhuíochas le Ryanair nó Aer Lingus. Tús agus deireadh an scéil sin.

Díomá orm, i mbliain seo 2013, go bhfuil a leithéid d’alt i gcló agus fíor. Díomá orm go n-amharcann bainc ar mhná go fóill mar mheaisíní atáirgthe, agus díomá orm gur thacaigh polaiteoirí leis an chóras baincéireachta cúpla bliain ó shin chun go leanfadh na bainc chéanna lena leithéid seo d’amaidí.


7 comments:

  1. Dochreidte, díth céille cheart a bheadh ann d'aon duine post a ghéilleadh sa lá inniu.

    Is cosúil go bhfuil na bainc toilteanach gach dul chun cinn a caitheamh a dtraipisí ar mhaithe leo féín.


    ReplyDelete
  2. Má chosnaíonn curam leanaí níos mó ná thuilltear ag obair ag an jab, cén fáth a bhfuiltear ag obair? Tá an t-airgead caillte ag an duine nó ag an mbeirt acu ag deireadh an lae.

    Cén fáth dá mbeifeí ag íoc as jab a bheith ag duine ar son a pléisiúir nó a phléisiúir thar na billí is á n-íoc?

    Nó an bhfuil tú ag déanamh gearáin nach raibh ach tagairt ar mhná san alt? { Níl síntiús agam ag an bpáipéar sin, agus níl mé in ann an t-alt a léamh. } Agus má tá, an bhfuil tú cinnte nach raibh na jabanna a bhí ag cailliúint airgead ag na mná amháin de réir na statisticí?

    ReplyDelete
  3. @April. tá mé ag gearáin nach raibh ach tagairt do mhná mar mháithreacha san alt. Agus nach raibh fir luaite mar riarthóirí a gclanna ar an dul céanna. Mar is léir againn ó shin tá Caradkar i ndiaidh an tuairim seanaoiseach seo a chur chun cinn chomh maith. Fch: http://www.irishtimes.com/news/politics/oireachtas/kenny-insists-nobody-will-be-forced-to-quit-job-in-debt-deal-1.1340453

    ReplyDelete
  4. Ní raibh na staitisticí a bhí uaim i dtaobh paí san alt sin ón IT.

    Is cuma. Níor thóg sé ach cupla nóiméad ar Ghoogle staitisticí i dtaobh an 'paygap' agus i dtaobh páí agus churam leanaí in Éirinn a fháil.

    Is beag teaghlach a bhionns i dtriobláid sa gcaoi sin iná mbeadh tuarastal an fhir an dara cheann íseal nach fiú mar nach gclúdaíonn an phaí curam leanaí, de réir na staitisticí. {Is beag teaghlach nach bhfuil i sáinn in Éirinn a bheadh an dara tuarastal iseal ag an bhfear.}

    Mar sin, nach mbeadh na bainc ag déileáil le tuarastaíl na mban de ghnáth sa gcas seo? {Leid: Bheidís.}

    Ar aon chaoi, cé nach bhfuil tuairim dá laghad agam faoin alt nár leigh mé, ar an ábhar é féin agus ar an ráiteas é féin....tháinig mé ar a mhalairt de thuairim atá agat i ndiaidh an taighde atá déanta agam.

    Anois, glacfaidh mé le comhairle Ayn. Ní bhainnean sé liom cibé ar bith. Tá muid inár gcónaí i SAM.

    ReplyDelete
  5. 'Mar sin, nach mbeadh na bainc ag déileáil le tuarastail na mban de ghnáth sa chás seo?'
    Leid: sin an pointe a bhí agam.

    Más aonad teaghlaigh atá i gceist, nach mar aonad a íoctar billí? Mar sin de, nach iad an bheirt atá ag íoc as cúram leanaí na beirte? Nó an é nach bhfuil aon fhreagracht ag an fhear ar thoradh a chuid speirme?

    ReplyDelete
  6. Fiú nuair atá an jab á mhná ag cailliúint airgead?

    Cuir i gcéill go bhfuil lánúin ann le triúir páistí. Níl siad ag saothrú á ndóthain chun na billí a íoc. Tá siad i mbaol á dteach a cailliúint! Tá na billí uilig deireannach. Tá siad i sáinn. Tá an teacht isteach ag an bhfear óna phost $25,000 agus tá teacht isteach ón jab pairt-aimseartha atá ag an mbean $12,960. Chosnaíonn curam leanaí $14,400.

    An bhfuil tú ag rá ba cheart don fhear $1,440.00 a íoc as jab á mhná in áit na billí a íoc? Nó a bhfuil tú ag rá ba cheart dó éirí as á phost atá ag saothrú $25,000 agus fanacht sa mbaile mar Dáidí lán-aimseartha mar nach mbeadh sé féaráilte díse fanacht sa mbaile?

    Ní féidir leat a rá ag an bpointe seo ba cheart do chuile dhuine eile íoc astu. Tá airgead 'chuile dhuine eile caite cheana féin ag an Sóisialachas i SAM agus in Éirinn, nach bhfuil? Go hairthe in Éirinn!

    Nach bhfuil sé ciallmhar don duine leis an dara ioncaim íseal sa gcás seo éirí as chun an $1,440 a chosnaíonn an jab a shábháil? Agus in Éirinn, sí an bhean an duine sin de réir na staitisticí.

    Ceard a cheapann tusa ba cheart don lánúin thuas a dhéanamh?

    ReplyDelete