Thursday 28 March 2013

Croithe, móra, maithe



Bhuail an drochaimsir tuaisceart na hÉireann go trom le seachtain anuas. Ba mhaith an rud é go raibh sé beartaithe agam cheana bualadh suas chuid an seanphéire, mar go raibh ócáid agam le freastal uirthi ar an Satharn.

Suas liom ar an Aoine. Fliuch go maith i mBaile Átha Cliath ach faoin am gur shroich mé Droichead na Banna bhí an flichshneachta ina shneachta ceart. Stop mé le haghaidh caife agus briseadh ón tiomáint ag an 'Outlet', cnuasach mór de shiopaí a dhíolann earraí ar shladmhargadh. Díolann siad caife chomh maith.

Bhí an áit in ainm is bheith ar oscailt go dtí a naoi an oíche sin. Ar a sé a' chlog an tráthnóna, bhí an áit bánaithe, agus na siopaí druidte.



Ar aghaidh liom. D'éirigh an titim sneachta níba mheasa i rith an ama, ag tarraingt ar Bhéal Feirste. Ní raibh ach lána amháin den mhótarbhealach le feiceáil, bhí an ceann eile clúdaithe leis an stuif bán.Agus mé ag moilliú go 30km san uair, bhí scuaine taobh thiar dom nach raibh deifir orthu ach an oiread.

Bhí an seanphéire go lúcháireach nuair an bhain mé an teach amach, ar ndóigh, lán scéalta agus an teach te teolaí. Theip ar an aibhléis an oíche sin, mar a theip uirthi ar fud na cathrach. Coinnle agus tine - mar a bhí nuair a bhí mé óg agus stailc ghinearálta na n-oibrithe 'ultacha' i 1974.



Ach cibé imní a bhí orm faoi sheandaoine ag sleamhnú agus ag titim san sneachta, agus seanchnámha bheith i mbaol a mbriste, ceansaíodh í . Is cosúil go raibh an siopa trasna an bhóthair - Watterson's mar a bhí i m'óige -  bhí siad ag teacht trasna gach maidin le cúpla lá anuas. Bhí siad ag fágáil nuachtáin agus bainne thall ar leac an dorais gach maidin. Níor iarr an seanphéire é seo, ach dúradh leo liosta a fhágáil chomh maith má bhí aon rud eile ag teastáil - rud a rinne siad. Deirtear liom go bhfuilthear á dhéanamh go fóill, bíodh is go bhfuil an aimsir maolaithe rud beag.

Croithe móra maithe ag daoine go fóill, is deas liom a rá.


1 comment:

  1. Nár laga a gCé iad na daoine le croithe móra maithe, a Réaltán! Tá siad ann fós, gan dabht, agus bheadh an saol in Éirinn bhfad Éireann níba bhoichte gan iad.

    Maith iad comharsana do thuismitheoirí!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.