Sunday 10 March 2013

Lá na Máthar

An apostle ball on a slice of simnel cake

Níl mé iontach tugtha do 'Lá na Máthar', in ainneoin is go gcreideann mo chlannsa go gcaithfidh siad freastal a dhéanamh air (dinnéar a réiteach dom, ach i ndáiríre b'fhearr liom go ndéanfaidís an hooveráil). Is iarsma ó shochaí na Breataine é, agus iarsma den aicmeachais a chuaigh leis an chultúr sin. Faill a bhí ag na cailíní aimsire éalú ó na tithe móra ar an Domhnach seo, cúpla Domhnach roimh an Cháisc, le císte Simnel ina nglaic acu, lena gcuid máithreacha féin a fheiceáil. Bhí teacht acu ar na huibheacha uilig nach raibh cead a n-ithe i rith an Charghais chun roinnt bheag den saibhreas tí mhóir a bhronnadh orthu sa bhaile bhocht shuarach.
Mar bheidís ró-ghafa ag an Cháisc féin ag tabhairt aire do na huaisle sa teach mór, ar ndóigh.

Níl aon dabht ná go mbhfuil an Domhnach áirithe seo fréamhaithe sa réamhChríostaíocht chomh maith, ná tá an focal 'simnel' fréamhaithe sa Laidin 'similia' (plúr mín). Ach tá seilbh glactha ag muintir na Breataine air agus é ag spréadh anoir orainn inár n-ainneoin.

B'fhearr liom féin i bhfad  Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ní chaithfidh tú páiste bheith agat, is leor bheith i do bhean. Is cuma cá n-oibríonn tú - sa teach nó lasmuigh. Is cuma cine, craiceann ná creideamh. Agus ní chaithfidh tú na huaireanta a chaitheamh ag déanamh ocht rollaí beaga dhéag de marzipan as almóinn, siúcra agus ubh sula dtugann tú cuairt ar do mháthair. Siúlóid fhada, nó gloine fíona le cairde/comharsana  ban, nó cupán tae agus leabhar maith mar chuideachta.

Mar fhocal scoir, chuir mé ceist ar m'iníon cad as a dtáinig 'Lá na Máthar'? 'Hallmark', a d'fhreagair sí.

1 comment:

  1. @ Hallmark
    @ní chaithfidh tú páiste bheith agat...

    ASG!

    @ Siúlóid fhada, nó gloine fíona le cairde/comharsana ban, nó cupán tae agus leabhar maith mar chuideachta.

    Aontaím..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.