Tuesday 12 March 2013

Reoite i Mí an Mhárta



Chuir an postáil a rinne Eoin Ó Riain ar a bhlagsa ag smaoineamh siar na blianta mé.

Bhí mé 21 bhliain d'aois. Bhí mé ag fanacht ag stad an bhus seachtain roimh an Cháisc i bPort na Binne Uaine i gContae Dhoire. Bhí an bus le mé a thabhairt go Cúil Raithin. Traein ó Chúil Raithin go Doire, agus síobsiúl ó Dhoire go Gort a' Choirce le haghaidh cúrsa Gaeilge de chuid na hollscoile.

Agus an mhaidin sin i Mí an Mhárta bhí mé ag fanacht ar an bhus. Tá 'Promanáid' i bPort na Binne Uaine, sráid 'aontaobhach',  a bhfuil siopaí agus caiféanna ar thaobh amháin den bhóthar a shnaidhmíonn siar an cósta, agus an tAtlantach fiáin ar an taobh eile. Gan aon tithe ná balla féin idir tú is na tonnta. Sráid gan trua atá ann i rith an gheimhridh, gan foscadh ón ghaoth ná ón fhearthainn.

An mhaidin seo roimh Cháisc, sneachta a bhí ina luí i gcnapanna beaga fá dhoirse na siopaí. De ghnáth, ní fheictí a leithéid mar go raibh an fharraige sáile fá chúpla slat de na doirse, agus níor lig an tsáile don sneachta fanacht sioctha ar feadh i bhfad. Agus nár mheasa fós nach dúlagar an gheimhridh a bhí ann, ach gile an earraigh.

Ach an mhaidin Mhárta seo bhí na cosa reoite, feoite, fuar, feannta, fliuch, báite. Carghas agus fiche carghas déanta againn ag stad an bhus sular tháinig an bus féin, gan trácht ar an traein!


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.