Friday 5 April 2013

Cath na n-amhrán

http://www.panceltic.ie/gallery.asp
Bhuel, níor ghnothaigh siad an príomhdhuais, mar Áine agus Seoirse, ach ghnothaigh siad go maith. Bhí an halla i gCeatharlach dubh le daoine, agus scaifte ina seasamh ag cúl an tí chomh maith, ag Comórtas na n-Amhrán Nua-chumtha san Fhéile PhanCheilteach.

Bhí gach amhrán an-éagsúil ón cheann a chuaigh roimhe ná ón cheann a tháinig ina dhiaidh. Bhí banna rac-cheoil ag Cymru, mar thús. Breizh, ceol leathchlasaiceach ina dtraidisiún féin le cór. Kernow (an buaiteoir) le bailéad, duine aonair. Mannin le caoineadh, amhránaí agus duine eile ar an mhéarchlár. Éire le Seoirse leis féin. Áine thíos i measc an tslua leis an cheamara. Agus banna ag Alba, meascán idir rac agus 'come all ye'.

Bhuaigh Kernow. An fear óg a sheas leis féin. Ach mheas mé go raibh bua agus éacht bainte amach ag gach éinne a chuaigh ar an stáitse sin sular leag siad cos ann.

Mar sin de ní comhbhrón a dhéanaim le hÁine agus le Seoirse, ach comhghairdeas. Níor bhuaigh sibh an cath ach bhain sibh an cogadh. Go n-éirí go geal libh an t-am seo arís an bhliain seo chugainn!

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.