Tuesday, 9 April 2013

Cuimhní Luimnigh


Tá Luimneach liath, fiú faoi sholas gréine an earraigh. An chloch éimhir a úsáidtear le go leor de na foirgnimh is cúis leis an liath seo, seans. Ach seans go bhfuil liath anama i gceist chomh maith.

Tá mé claonta, ar ndóigh. Chónaigh mé i Luimneach i lár na n-ochtóidí. Bhí mé ag obair ann, agus b'shin an chéad uair riamh go ndearnadh ciapadh gnéis orm san obair. Ní fear ar bith de  na daoine a bhí ag baint liom go díreach a rinne é, ba mhaith liom an méid sin a shoiléiríu. Gach fear ar an fhoireann a bhain liom, rinne siad teagmháil ghairmiúl, chóir liom! Fear a bhí ann nach raibh aithne aige orm san institiúid sin, a shíl 'nach raibh ionam' ach rúnaí, ó tharla mé bheith san oifig ghinearálta ag an am. Agus mar rúnaí, 'fair game' a bhí ionam. Go dtí gur rith mé sa tóir air, ag screadaíl gach íde béil ina dhiaidh agus an cladhaire ina rith síos an pasáiste.. Dá mba rúnaí thú, b'shin an meas a bhí ort ag roinnt bheag de na fir, is cosúil.

Níl na cuimhní atá agam de Luimneach pléisiúrtha. Tá cuid den locht air sin orm féin agus ar an tréimhse sin de mo shaol, ach ina dhiaidh sin bhí Luimneach liath, dearóil san am sin. Ach tharla sa chathair mé oíche Dé Domhnaigh seo caite. Bhí mé sásta ligint do na seanchuimhní agus cinn nua a chumadh. Dea-chinn.


In óstlann le m'iníon, ceann galánta a fuair mé ar mhuin na muice, mar a déarfá, a chaith mé an oíche. Sa cheantar Seoirseach, ceantar ciúin. Óstlann álainn, ag déanamh a díchill imprisean maith den dúiche a thabhairt dá chuid aíonna. Bhí dinnéar breá blasta againn sa bhialann (ar phraghas an-réasúnta!), gloine fial fíona againn sa  bheár ina dhiaidh sin, agus suas staighre chuig an seomra gleoite linn. Ag socrú síos don oíche dúinn bhí an bheirt againn thar a bheith sásta leis an mhargadh a fuair muid.

Ach ansin tháinig guth mná isteach an fhuinneog ón tsráid thíos fúinn. 'Ah, ya durthy ****er, ya lay wit' Kerry da furst night I wuz away!'

Tá rud éigin ann faoi thuin chosmhuintir chathair Luimnigh, caithfidh mé a admháil, a dhéanann gach rud a deir an chosmhuintir sin fiche uair níos measa.  Bhí mé féin ag iarraidh na cúirtíní a oscailt agus radharc mar is ceart a fháil ar an seó, ach dúirt an iníon nach ligfeadh an náire di fanacht sa seomra dá ndéanfainn a leithéid. Lean an iomarbhá ar aghaidh thíos fúinn, go dtí gur shiúil an lanúin trodach leo i dtreo an bhaile s'acu féin.

Níl mé chun cur síos ar an alaram cairr ar leathuair i ndiaidh a trí an mhaidin sin. Ná a ceathair a' chlog. Ná clingeadh na ngeataí miotail áit éigin sa chomharsanacht ar a cúig.

Luimneach bocht.

4 comments:

  1. Luimneach na lann ....

    Ach tharlódh a mhacasamhail i gcathair ar bith, sílim.

    ReplyDelete
  2. cinnte go dtarlódh. Tarlaíonn sé domh féin i dteach mo mháthara sa bhaile agam féin. Ach an t-óstán bocht - tá siad ag déanamh jab chomh maith sin ag iarraidh bheith galánta agus rud éigin maith a chruthú, ach tá an chomharsanacht á ligean síos.

    ReplyDelete
  3. Tríd is tríd tá feabhas tagtha ar dhreach na cathrach ó bhí na hochtaidí ann ach, ina dhiaidh sin is uile, níl Luimneach inchurtha le cathracha eile cosúil le Corcaigh agus Béal Feirste. Agus tá sé ró-fhada ón gcósta.

    ReplyDelete
  4. Stab City fós. An gá níos mó a rá?

    ReplyDelete