Thursday 23 May 2013

Angelina agus Yvonne. Agus airgead.

http://blogs.babycenter.com/mom_stories/05242012facebook-deems-mastectomy-photos-pornographic/

Tá beirt bhan sna nuachtáin ar na mallaibh agus an 'BRACA', mar a mbíonn daoine ag trácht air, an ghéin BRCA-1 agus an ghéin BRCA-2. Angelina Jolie agus Yvonne Ní Lionnáin. Tuigfidh daoine láithreach, is dócha, go raibh maisteachtóime ar an dá chíoch déanta ar Jolie le gairid. Fuair a máthair bás ón ailse ag aois 56 agus rinne sí féin tástáil an raibh ceachtar den dá ghéin aici, rud a raibh. Mar sin de fuair sí an dá chíoch bainte agus atógáil le próistéis inmheánach déanta. Sin sin. Deireadh scéil, fad saoil. Tá súil againn.

Ansin tá Yvonne Ní Lionnáin againn. Fuair sí amach ag aois 33 go raibh ailse uirthi agus chuaigh sí tríd an rírá a théimid tríd nuair a tharlaíonn sin - scian, ceimicí, radaiteiripe. Fuair sí tástáil déanta chomh maith mar gheall ar an na géineacha seo agus fuair sí amach nach raibh siad aici. Fuair mé féin an tástáil déanta chomh maith (níl aon ghéin acu agam féin). Má thagann ailse brollaigh nort, déantar an tástáil chun an teiripe hormóin ceart a chur ar fáil duit. Má bhíonn an ghéin agat beidh ort cúig bliana de dhruga hormóin ar nós Herceptin a thógáil. Muna mbíonn, beidh druga eile, mar shampla, AromasinTamoxifen le tógail don chúig bliana sin. Agus beidh mná ann a bheidh ag tógáil na ndrugaí seo an chuid eile dá saol. Agus tá siad daor.

Ar ais chuig Yvonne. Fuair sí an tástáil déanta. Saor in aisce. Nach maith iad, mar chóras 'sláinte'. Ach mar gheall ar nach raibh na géineacha aici, dá mba mhian lena deirfiúracha an tástáil a fháil déanta chosnódh sé siúd dhá mhíle (2,000) euro an duine orthu. Rinne siad taighdiú ar an sceal agus fuair siad amach nach mbeadh ach 300 euro air san Aifric Theas. Mar a dúirt sí féin, bheidís in ann eitilt ansin agus pilleadh agus an tástail a fháil déanta thall ar an airgead céanna.

Ní dócha go bhfuil an ghéin ar na deirfiúracha muna bhfuil sí aici féin, ach má tá? Agus muna bhfuil, cén praghas suaimhneas intinne? Cad tá cearr leis an chóras sláinte go bhfuil na praghsanna chomh hard sin anseo i gcomparáid le tíortha eile? Difir mór idir 2,000 agus 300. Níl gach duine againn chomh compordach le hAngelina, slán a bheas sí.

Mar fhocal scoir, ní mar gheall ar an ghéin a tharla m'ailse féin, ná ailse go leor ban eile. Ach bhí alt sa nuachtán céanna ina raibh mé ag léamh fá Yvonne a bhí spéisiúil agus tráthúil. Raimhre a chuidigh leis an ailse agamsa. Tuigim sin. Tá mé ag iarraidh é sin a athrú. Faraor géar, bíonn se deacair! Ach tá mé ag streachailt liom. Agus is fiú an t-alt a léamh.

3 comments:

  1. Tá rud éigin as alt leis na costais ceart go leor - ach más buan mo chuimhne $3000 a d'íoc Angelina Jolie.

    Mar sin, ní abhus amháin atá an cheist faoi chostas agus luach leighis.

    ReplyDelete
  2. Níl aon chur amach agam ar shonraí na ceiste seo ach de réir na tuairisce thíos íocann an córas árachais sláinte sa Ghearmáin an tástáil géine atá luaite agat.

    Ar aon nós, is ionann € 3,000 a éileamh agus an tástáil a choinneáil ón gcuid shuntasach den phobal.

    Is dóigh liom go mbíonn dearcadh faoi leith i dtaobh ceisteanna mar seo ag daoine a bhfuil anáil fhuar bhagrach an bháis braithe ar chúl a muiníl uair nó dhó acu.


    http://www.nwzonline.de/interview/kosten-fuer-gentest-traegt-die-krankenkasse_a_6,1,2141109837.html

    ReplyDelete
  3. @Ormondo 'anáil fhuar bhagrach an bháis braithe ar chúl a muiníl uair nó dhó acu'. ceann maith, a chroí.

    @Aonghus caithfidh mé fáil amach cé mhéad atá ar mhamagram anseo. Tá a fhios agam go gcosnaíonn sé 80 punt sterling ó thuaidh/UK.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.