Saturday, 4 May 2013

buille den bhachall


Tá na heaspaig ag bagairt troda ar na polaiteoirí. Arís. Babhta a dó . Beidh le feiceáil an mbainfidh na polaiteoirí nó na heaspaig.

Ní haon iontas go bhfuil na heaspaig ag teacht amach in éadan na reachtaíochta seo, fiú muna bhfuil aon athrú suntasach le theacht amach as i ndeireadh na dála (sic). Tá Ronan Smullen go tréan ina aghaidh, ach tá Clare Daly chomh maith. Fágann sé sin go raibh Enda agus na leaids iontach glic ar fad ar fad.

Sa bhabhta seo den achrann, tá na heaspaig ag bagairt gur acu siúd atá an smacht thar an chuid is mó de na hospidéil sa stát. Dúirt Seán Brady, Cairdinéal, inné: 


Déan do rogha ruda, a Enda, is againn na hospidéil, ab ea? Ní aontaíonn Rhona Mahony, CeannDochtúir Holles Street leis, ar a laghad, gur faoi stiúir na heaglaise Caitlicí atá an institiúid aicise. Agus má tá na hospidéil ag fáil airgid phoiblí, nach bhfuil an chontúirt ann go ndéanfaí an rud ceannann céanna orthu siúd is go ndearnadh ar na scoileanna príobháideacha, má thógann siad an raic seo níos faide? 

Bígí cúramach, a easpaig, níl an meas céanna oraibh is a bhíodh. Léiriú air seo ná an cheist a cuireadh ar Sheán Brady, Cairdinéal, aréir ar nuacht RTÉ tar éis do na heaspaig an ráiteas a eisiúint. Cuireadh an cheist air an mbeadh daoine ag éisteacht leo, mar easpaig,  agus ag tabhairt airde orthu i ndiaidh an dóigh ar loic an eaglais ar pháistí ar baineadh mí-úsáid astu le blianta fada anuas. Níor fhreastail an cairdinéal ar an topaic seo, ach is spéisiúil gur tógadh an cheist ar fhóram náisiúnta mar seo.

Ar ndóigh, tá dlí na heaglaise Caitlicí á rith in go leor ospidéal príobháideach ar fud na tíre cheana. Fuair mé na feadáin agam féin ceangailte ag aois 33, 'go poiblí', in Ospidéal an Rotunda. Sa Rotunda, an t-ospidéal 'Protastúnach', seachas an Chúm nó Sráid Holles, mar nach bhfaighinn a leithéid déanta orm in aon ospidéal eile sa chóras poiblí sa tír. 

Ach mar go bhfuil an chuid is mó de dhochtúirí/úinéirí na n-ospidéal príobháideach sa tír ina gcoimeadach Caitliceacha, níl aon bhaol go spréifear an cleachtas mí-nádúrtha seo amach ar fud na háite ach oiread.Fágfar na feadáin ar fáil, an mhana atá acu siúd, idir fhir agus mhná araon.

Ar ndóigh, fiú sa Rotunda, ospidéal na bProtastúnach is na bpeacach, tháinig sagart thart chuig mo leaba an oíche roimh dul faoi scian dom. Ar ndóigh, ní raibh a fhios aige cé mé nó cén gnáthamh a bhí beartaithe. Níor chuir mé síos ar an fhoirm go raibh mé i mo Chaitliceach ach an oiread, ach ó bhí sé ar an bharda, ghlac sé leis go gcuirfeadh gach bean ansin fáilte roimhe, ar ndóigh. 

An raibh mé maith go leor? Bhí. Ar mhaith liom paidir a rá? Níor mhaith. An raibh mé neirbhíseach? Ní raibh (fírinne déanta, bhí mé ag tnúth leis an rud bheith thart agus saoirse bheith agam ó bhaol iompar clainne). Ar mhaith liom labhairt faoin chúis a raibh mé istigh? Há! Níor mhaith, go raibh maith agat!

D'imigh sé chuig an chéad leaba eile. Fágadh mé le m'úrscéal (sos ó na páistí!). 

Mar a deirim, beidh an bhruíon seo atá ag teacht idir stát agus eaglais spéisiúil.




8 comments:

  1. Bachall? Sin comhartha tréadaí, nach ea?

    An bhfuil an tréadaí seo ag seasamh an fhóid ar son a thréad? Sílim go bhfuil, mar is dual dó.

    Ach is léir go bhfuil laghdú mór ar a thréad, agus doicheall ar na caoirigh eile, muna mic tíre iad, roimh a théad.

    Sílim nach bhfuil tú ar an tréad seo, a Réaltáin, ós rud é gur fhág ceangail na bhfeadán "dóite" thú. Chead sin agat, dar ndóigh.

    Mar sin, cogadh na morálachtaí a bhéas ann, agus cailliúint na smachta a théid leis. Ach an bhfágann taobh ar bith a ceart ag an taobh eile? Nó an dual do Easpaig bheith ina dtost?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Ní dual, a Fhearn, agus buíochas mór le Mor tá cead cainte againn uilig ar na laethe seo, chan ionann agus sna blianta seo caite ar an oileáinín beag seo.

    ReplyDelete
  3. @cogadh na morálachtaí a bhéas ann, agus cailliúint na smachta a théid leis.

    Táim den bharúil gur chaill duine nó dhó, in eaglais nó dhó, an cogadh sin go minic, agus go bhfuil siad fós ag cailleadh cogaí, go deimhin. Faraor, mná agus páistí a d'fhulaing den chuid is mó, ach is iomaí ban ag tacú le rialacha na n-eaglaisí céanna fós. An ceart sin acu, ach céard faoi na mná nach mbaineann nó nach mbacann le heaglais ar bith, má tá ospidéil na tíre faoi 'ethos' eaglaisí mar iad?



    ReplyDelete
  4. @buíochas mór le Mor

    Cé hé Mor?


    @tá cead cainte againn uilig ar na laethe seo, chan ionann agus sna blianta seo caite ar an oileáinín beag seo.

    Sin ceist daonlathais nach ea?


    Fearn

    ReplyDelete
  5. @ach céard faoi na mná nach mbaineann nó nach mbacann le heaglais ar bith, má tá ospidéil na tíre faoi 'ethos' eaglaisí mar iad?


    Is dóigh má ghoilleann sé chomh mór sin ar dhaoine, beidh orthu malairt oispidéal a chuir ar fáil, mar a chuireann lucht na Gaeilge malairt scoltacha ar fáil, 7rl

    Fearn

    ReplyDelete
  6. Feictear dom nach n-aithníonn an cliarlathas a easpa creidiúnachta féin i bhfianaise an dearcaidh radacaigh atá á léiriú acu arís.

    Ar an taobh eile de, samhlaítear dom freisin go bhfuil creideamh simplí ag roinnt de lucht éilithe an ghinmhillte agus go gcreideann siad go mbeidh gach bean ar mhuin na muice ach córas an ghinmhillte a bheith i bhfeidhm. Ach ní hamhlaidh a bhíonn a scéal i gcónaí.

    Mar shampla, tá an ginmhilleadh i bhfeidhm abhus le breis agus triocha bliain agus cloistear meon cineál garbh ó uair go céile ó go leor daoine atá den tuairim nach gá do linbh faoi éalang a bheith ann feasta mar gheall ar an ginmhilleadh a bheith ar fáil do mhná.

    ReplyDelete
  7. @ormondo mar nach bhfuil an tacaíocht ann do thuistí atá ag tógáil na bpáistí céanna. Bhí iníon faoi mhíbhuntáiste ag fundúire na mBráithre Críostaí, Edmund Rice. Tubaiste a bhí ann na laethe sin. Cuireadh i bhfolach í. Ní chloistear fúithi mar go ndearnadh í a riaradh i bhfad uaidh féin, mar athair (fuair an mháthair bás).

    @Fearn is cáin gach duine in Éirinn a choinníonn na hospidéil phoiblí sa tsiúl. Ní hiad na heaglaisí a bhaineas an ceann sinn.

    ReplyDelete
  8. @is cáin gach duine in Éirinn a choinníonn na hospidéil phoiblí sa tsiúl. Ní hiad na heaglaisí a bhaineas an ceann sinn.

    Is cánacha gach duine in Éirinn a choinníonn na scoltacha poiblí béarla sa tsiúl. Ach fós ní scoltacha Gaeilge iad. Téid gach duine i ndiaidh a eatas fhéin.


    Fearn


    ReplyDelete