Monday 6 May 2013

Cé hí Mor?

http://dianaquest.blogspot.ie/2012/02/old-women-black-and-white.html

Chuir 'Fearn' an cheist i dtrácht a d'fhág sí ar an bhlag - cé hé Mor? Ní 'é' atá ann ach 'í'.

Casadh Mor orm an chéaduair i dTír Chonaill, i bparóiste Chloich Cheann Fhaola. Beannaíonn daoine dá chéile ar an bhóthar lena hainm. In áit 'Dia dhuit' a rá, deir go leor acu (nó deiridís) 'Mora dhuit'.

Cé hí an Mhor seo? Is í an domhan mhór í, is í bandia nó banfhórsa na beatha í, is í an bhanfhórsa ar thóg na Críostaithe isteach ina mbrollach í. Rinneadh Muire di, agus Máire, agus na céadta leaganacha áitiúla eile.

Mora dhuit, Mor leat, go dté tú le Mor.

11 comments:

  1. Spéisiúl!



    Fearn

    ReplyDelete
  2. Níl mé cinnte faoi shanasaíocht an fhocail seo, ach sílim go dtagann sé as Béarla na seachtú haoise déag: "Good Morrow."

    ReplyDelete
  3. Moro dhuit, a Réaltán...agus, go dté tú le CéArd..;-)

    ReplyDelete
  4. "i dtrácht a d'fhág sí ar an bhlag" Nach fear é Fearn? Duine mistéireach gan bheathaisnéis a bhí ann / inti i gcónaí domsa!

    Tá "mora na maidine" feicthe agam i gcló, ach sin an méid. Níor chuala mé riamh é. Is ionann Mor(a) agus "in Morrigan" (= an Mhor-ríon) mar sin, dar leat?

    ReplyDelete
  5. Deir Tomás Ó Maille ina leabhair "An Béal Beo" gurbh as "good morrow" an Bhéarla a thagann an forrán "Móra dhuit (ar maidin)". Tá an beannacht sin sa chaint agam féin.

    Mar sin féin tá an pearsa Mór ann, agus a lorg i nathanna ar nós "Cailín ag Mór, agus Mór ag iarraidh deirce"

    Tá scéal ann go raibh sí pósta ar Dhonncha agus gur éirigh eatarthu agus go ndeachaigh siad ag cur fúthu i gcúinní éagsúla na hÉireann; Tá Tigh Mhóire i nDún Chaoin, Corca Dhuibhne, agus Donncha Dí in Aontroim. (más buan mo chuimhne; beidh orm foinse a fháil)

    ReplyDelete
  6. Tí Mhóire: http://www.logainm.ie/1394972.aspx

    Agus tagairt ag MacKillop anseo:
    http://books.google.co.uk/books?id=HI5yXNhbebYC&pg=PT110&lpg=PT110&dq=tigh+mh%C3%B3ire&source=bl&ots=k4p9nBQy34&sig=z16JYUSeV-8NfceZzuzY0o9DZhw&hl=ga&sa=X&ei=irSIUYLlLYzi4APF-YE4&redir_esc=y#v=onepage&q&f=false

    ReplyDelete
  7. I gcead do na scoláirí agus do na sanaseolaithe, is inspéise go mór tuairim agus léamh Réaltáin:

    "Cé hí an Mhor seo? Is í an domhan mhór í, is í bandia nó banfhórsa na beatha í, is í an bhanfhórsa ar thóg na Críostaithe isteach ina mbrollach í. Rinneadh Muire di, agus Máire, agus na céadta leaganacha áitiúla eile."

    Bandhia nó banfhórsa! M'anam ach go bhaist tú í, a Réaltáin.
    Caidé mar nach n-aithneoinn í. Sin leannán spioraide do dhiongmhála aimsithe agat.

    Deir Duinnín go raibh sí ina grian fosta, (Ban)dhia eile, ach thug tú croí isteach di!


    Fearn

    ReplyDelete
  8. Ní raibh mé ag easaontú leis an méid a dúirt Réaltáin, ach ag cur leis.

    ReplyDelete
  9. Bhí níos mhó ná Mor amháin ann. Más suim daoibh, féach ar na giniligh a rinne mo chara Réamonn ina leabhar seo, agus sna hailt a scríobh sé in An Gael.

    ReplyDelete
  10. Seán Ó hEochaidh a d'inis dúinn (mar mhic léinn ar chúrsaí ansin sa cheantar i rith na n-ochtóidí)gur Mhor Mhór a bhí sa 'Mor' seo. Seán an bhéaloideasa (údar 'Síscéalta Thír Chonaill', bailitheoir leis an choimisiún, srl., srl., srl.)Cé ar bith é, mar a deir Fearn é/í féin, tagann sí liom go foirfe!

    ReplyDelete
  11. Is mór agam an ghrianghraf a chuir tú leis an blag seo!


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.