http://www.abortionrightscampaign.ie/ |
Bhí mé sa charr an lá eile ag gabháil ag obair - ar a sé a chlog tráthnóna - nuair a bhuail clog an aingil ar Raidió Éireann. Dhá bhuille déag den chlog. Aingeal Dé ag inse don phobal dílis paidir a rá.
Ní bhím ag éisteacht leis an raidió aon áit eile, beagnach, seachas sa charr. Is ansin a éistim le Joe Duffy, nó Marian Finucane, nó Rónán, nó Barrscéalta. Bíonn an raidió ina chara agam, ag comhrá liom agus mé ag dul ó A go B. Ach an tseachtain seo mhúch mé an raidió nuair a bhuail an clog.
Tháinig an fhearg aniar aduaidh orm, rud nár mhothaigh mé faoin chreideamh-gan-iarraidh le fada. Bhuail sé liom go raibh mé i ndiaidh dul siar in am. Rinne mé an clog a cheiliúradh go minic ar scoil sna seascaidí. Chaitheamar gach meánlae ar ár nglúine ag na mná rialta, ar a dó dhéag, paidrín á rá againn sa seomra ranga. Bhíodh iontas orm a leithéid bheith ar an raidió sna seachtóidí, mé i mo pháiste a bhí i ndiaidh teacht ón stáitín ó thuaidh nach raibh Domhnach ná Dálach ceiliúrtha againn ar na haerthonnta. Bhíodh fearg orm go mbíodh a leithéid curtha ar an raidió náisiúnta sna hochtóidí nuair a vótálamar sna reifrinn ghinmhillte éagsúla. Tréimhse binbeach corrach a bhí ann sa tír seo. Mhaolaigh ar an fhearg de réir a chéile sna nóchaidí - bhí mé róghnoitheach le mo chlann féin. Agus ní thig leat do shaol uilig a chaitheamh go feargach.
Ach tá an fhearg ar ais ina rabharta, go háirithe agus na heaspaig i mbun poileimice. Dá mbeidís ag cloí leis na séipéil chun labhairt lena dtréad ní bheinn chomh suaite. Ach ar ndóigh tá na séipéil folamh ar an aimsir seo, a bhformhór. Ach bhí lucht umhlaíochta acu riamh, mar chléir, agus is deacair nós a bhriseadh.
Ná déan nós, ná bris nós an seanfhocal is amaidí dar chuala mé riamh. Sa chás seo, b'fhearr liom an nós seo a fheiceáil briste agus clog an aingil buailte ó na séipéil, chan ón chraoltóir náisiúnta.
Ainneoin dearcadh eile a bheith agam ar an gcreideamh ná mar atá agat, sílim go bhfuil an cheart agat faoin bpointe seo. (Suntasach nach gcraolann Raidió na Gaeltachta an ghlaoch, dála an scéil)
ReplyDeleteSeans áfach go gcreideann lucht RTÉ go dtugann an sop seo deis dóibh beith nimhneach agus míchruinn i ngach clár eile fúthu siúd a bhfuil creideamh acu - an Taliban, dar le hOlivia O'Leary ...
ReplyDeleteIs dona liom go ngoilleann an cupla noiméad seo sa lá sibh, an bheirt agaibh.
ReplyDeleteB'fhéidir gur mar sin a théann an cupla focal (Gaeilge) i gcion ar na "neamhchreidmhigh" freisin.
Ach is bocht liom an fhearg agat, a Réaltáin. Ní maith an rud é nuair a théann fearg in ainseal. Tá súil agam go bhfuil an misneach agat dul ar thóir a húdar sa síceacht agat, mar tá mé cinnte gurb eol duit go bhfuil a bunadh ansin.
Idir an dá linn, ná bí ró-chrua ar bhuaileadh an chloig!
Fearn
@ Sa chás seo, b'fhearr liom an nós seo a fheiceáil briste agus clog an aingil buailte ó na séipéil, chan ón chraoltóir náisiúnta.
ReplyDeleteAontáim!
A Fheairn -
ReplyDelete'Tá súil agam go bhfuil an misneach agat dul ar thóir a húdar sa síceacht agat, mar tá mé cinnte gurb eol duit go bhfuil a bunadh ansin.' Grma, ach d'aimsigh mé an t-údar i bhfad ó shin - an dímheas agus an dímhúineadh a taispeánadh dom ón eaglais chaitliceach mar institiúid le linn mo shaoil, mar chailín, mar bhean, mar mháthair. Is beag orm an fhearg chéanna ach tuigim a chúis. Is a réiteach? Gan géillstin don dímheas sin. Gan ligint don spiorad bheith múchta.
An mbeifeá sásta scríobh mar gheall ar an dímheas?
ReplyDeleteFearn
ar an bhealach, a Fheairn, ar an bhealach.
ReplyDelete@ Gan géillstin don dímheas sin. Gan ligint don spiorad bheith múchta.
ReplyDeleteÁiméan, a chara.
This comment has been removed by the author.
ReplyDelete