Tuesday 16 July 2013

Am dom féin féinig

ag ligint orm go dtuigim cad tá ar siúl agam

Is fada ó bhí mé ar Oideas Gael , ach tharla seachtain gan coinní oibre ná coinní dochtúra agam, agus chuaigh mé sa tseans 'am dom féin' bheith agam.

Sular buaileadh tinn leis an ailse mé, ba ghnáth liom bualadh suas chuig an seachtain péintéireachta ag deireadh Mhí Lúnasa. An chéad bhliain gur éalaigh mé ón teach, ón chlann, ón obair tí agus ón obair íoctha. Bhí seachtain ar dóigh agam. Ag péintéireacht (go dona), ag comhrá leis na daoine eile ar an chúrsa sin agus ar na cúrsaí teanga istoíche sa phub - idir Éireannaigh, Eorpaigh, Áisigh agus Mheiriceánaigh.  An dara bliain tháinig an mac liom, agus d'imigh sé ag spaisteoireacht tríd na cnoic fhad is a bhí mé ag imeacht le mo mhates péintéireachta. Agus an tríú bliain? Tháinig an whole bloody lot  acu - fear chéile, mac, iníon, cara leis an mhac... Bhí deireadh leis an 'am dom féin'!

An Port
D'fhill mé i mbliana, mar sin, agus bhí mé liom féin. Mmmmmmmm...


Ach níor fhan mé liom féin an t-am ar fad, ar ndóigh. Bhí Mise Áine, Áine Durkin,  ansin, chun airneál a dhéanamh liom agus cúpla dán a léamh liom:

Áine Durkin


Bhí Mike O'Regan agus Karen Reshkin ansin, ag freastal ar chúrsa teanga faoi choimirce Fulbright:

Mike O'Regan agus Karen Reshkin

Agus Amy Mulligan ó Notre Dame, a bhí in aonteach liom agus a bhí croíúil, lach mar chomrádaí tí.

Bhí seachtain só agam. Fiú, thairg fear airgead dom as pictiúr a bhí á phéinteáil agam a cheannach. Ag siúl síos staighre na Trá Báine ar an Mhálainn Bhig - 158 staighre acu - bhí mé suite leathbealaigh síos ag fútaráil leis na dathanna agus tháinig an fear óg seo aníos. D'iarr sé airgead a thabhairt dom ar son mo shaothair. Mhínigh mé dó go lách go n-íocfainn-se é leis an phictiúr a thabhairt leis. D'fhág mé ar scáileán an chairr aige é, thuas sa charrchlós. Cérb ar bith thú féin, a fhir óig, thig leat a t-airgead a chur chugam i gclúdach donn ar ball...


agus an lá a bhí ann - 








4 comments:

  1. Is fónta an rud am duit féin ... (ceann de na cúiseanna a thaithíonn siúl liom)

    ReplyDelete
  2. Bhí an leaba agus an bricfeasta a thairg tú dom thar barr, a chara...gan trácht ar an gcomhluadar iontach! Go raibh céad míle maith agat, a dhuine uasail..:-)

    ReplyDelete
  3. Comhluadar iontach a bhí ann, go deimhin -Mike

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat as do chuid ama duit féin a roinnt linn. :^)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.