Saturday 13 July 2013

An Twalfth

Man kicks riot shield
http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-23299768


Tagann agus imíonn an dáta seo ó dheas i nÉirinn i neamhaird. Ní hamhlaidh ó thuaidh. Seo an t-am den bhliain a n-imíonn gach mac máthara gur féidir ó na lárcheantair achrainn, más féidir. Bhí mé i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall,  Déardaoin 11ú. Mhúscail mé ar an 12ú le blas borb crua an tuaiscirt sna tithe saoire thart orm mar bhí gach duine a raibh áiméar acu tagtha agus landáilte don choicís seo, coicís seo an 'twalfth'. Mo bheannacht leo, ag iarraidh éalú ón seicteachas seo mar a léirítear ar na stáisiúin nuachta ina ghlóire é.

Agus na Taidhgíní nach bhfuil áit folaithe acu i dTír Chonaill nó in ait éigin eile faoin tír acú? Cuireann siad suas leis seo ar feadh tréimhse. Ku Klux Klan na hÉireann.

1 comment:

  1. Nach fíor duit. 'Cultúr' a thugas siad ar an fhuath lom sin in aghaidh ní ar bith atá Éireannach...

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.