Thursday 15 August 2013

Ciúnas i gcroílár na cathrach


Tá sí féin ag druidim leis an deireadh, mar mo mháthair. Tá siad tosaithe ar an mhóirfín, sa deireadh thiar thall. Ní fada a mhaireann an druga sin sa chóras gan a mhaith a dhéanamh agus an deis a thapú mar chuid dá draíocht. Ach mar a luaigh mé cheana, bíonn buíochas ina uirlis éifeachtach ag na hamanna seo chun teacht i gcabhair orainn.

Bhuail mé isteach chuig Raidió na Life an lá faoi dheireadh, ná déanaim corrphíosa leo, agus bhí mé buíoch go ndearna mé amhlaidh. Bhí leathuair a' chloig le spáráil agus shiúil mé tríd Chearnóg Mhuirfean. Agus bhí gliondar orm, an lá grianmhar sin. Seangháirdín ó ré na naoú haoise déag atá ann, agus tá  sé plódaithe le plandaí a bhfuil duilleoga móra orthu, a chlúdaíonn thú le solas glas. Agus tá sé ciúin. Ciúnas i gcroílár na cathrach.

 
 
Agus gach duine a d'fhág teachtaireacht dom, go raibh maith agaibh. Ta mé buíoch astu siúd chomh maith! Bhí orm cúpla ceann a scrios in éineacht le ráiméis a tháinig isteach go huathoibríoch, mar bhí siad ceangailte le chéil. Ach tá siad léite agam agus i mo chroí istigh.
 
 

5 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.