Monday 5 August 2013

Cúram

http://dianaquest.blogspot.ie/2012/02/old-women-black-and-white.html


Tá mo mháthair ag fáil bháis. Táimid uilig ag fáil bháis bhig, gach lá a mbímid beo, ar ndóigh, ach tá sí ag druidim le Mor ar luas faoi láthair. Bhí saol fada aici, ocht mbliain is ceithre scór. Ní dóigh liom go slánóidh sí an t-ochtó naoi. Agus mar gheall ar ghalar Alzheimer tá muid imithe óna cuimhne le tamall anuas chomh maith.

Ach is í ár gcúramsa, agus cúram an ospidéil faoi láthair. Nuair a bunaíodh an NHS bhí an fhís is uaisle agus is fearr is a bhí riamh ag rialtas na Breataine sna daichidí, cúram coirp agus ceart chóir leighis a fháil ó chliabhán go huaigh. Ba chuma an saibhir nó daibhir thú.
Ní saibhir í mo mháthair. Faigheann sí pinsean seachtainiúil caoga punt nó mar sin - an gnáthphinsean stáit ó thuaidh. Agus ar ndóigh bhítheá ag troid léi gan na pingneacha sin a thabhairt uaithi do na garpháistí a thagadh ar chuairt chuici.

Ach is maith an rud na garpháistí féin sa lá atá inniu ann. Tá na faillí san NHS le feiceáil ag éirí níos measa de réir ama, ceal acmhainní. Mar gheall ar go bhfuil teaghlach mór fairsing aici tá go leor againn chun ceisteanna a chur agus súil a choinneáil. Agus mar gheall ar na dochtúirí agus na feighlithe gairmiúla seandaoine sa chlann chéanna, tá roinnt de na ceisteanna sin an-ghéar ar fad. Tá nia amháin agam atá ag obair san ospidéal céanna, ar bharda eile. Déarfainn go bhfuil foireann mo mháthara cráite aige. Ach is maith sin. Ní ghlanfaí a hingne salacha (baol infhabhtaithe) ach gur dúradh leo. Ní chuirfí uachtar ar a craiceann bocht tirim ach gur thóg muid an t-uachtar isteach is gur thosaigh muid á dhéanamh muid féin. Is muide a thóg an cheist faoi í bheith fuar sa leaba. Is muide a thugann bia bog isteach chuici le hithe, bia a shlogann sí go cíocrach. Ní de dheasca neamhchúraim ach de dheasca ganntanas foirne.

Is é an cúram is mó agamsa, áfach, ná m'athair. An t-aon fhear chéile amháin atá le feiceáil ar bharda seo na seanbhean. Tá na fir eile uilig marbh. Ní thagann aon seanfhear eile ag airneál chuig na leapacha eile. Tagann a gcuid páistí agus cairde. Is maith ann iad, ar ndóigh. Ach léiríonn sé dúinn nach maireann na fir chomh fada leis na mná i gcoitinne.
Bhí an lucht leighis chun í a thógáil isteach sa téatar chun gnáthamh a dhéanamh uirthi gan faic a rá lena fear chéile, m'athair. Nósmhaireacht, is dóigh liom. Mná den aois sin, níl siad cleachtaithe le pairtneirí bheith ag na seanmhná seo ina mbeo.

Bíonn lucht an tuaiscirt (na hÉireann) dímheasúil go maith faoi chúrsaí sláinte sa deisceart. Ag breathnú ar chúrsaí mar atá gach uair a théim ó thuaidh chun seal cúraim a thógail, tá lúcháir orm go bhfuil clann mhór ag mo mháthair chun a compord a chinntiú ina laethe deireanacha. Ní bheidh clann chomh mór sin ag duine ar bith de mo ghlúnsa. Ní bheidh na daoine ann chun súil a choinneáil ar chúrsaí . Mothaím creathadh ag dul trím anois!

4 comments:

  1. Is mairg scaradh na n-anam!




    Fearn

    ReplyDelete
  2. Tuigim do chás, cé nach ionann chuile chás, mar is eol duit, a chara.

    Am crua é seo oraibh, mar theaghlach. Caithfear bheith de shíor san airdeall ar an duine atá faoi mhíchumas - is ón teaghlach a thagann an cúram is fearr, ceapaim féin, agus tá jab iontach á dhéanamh agaibh uilig, bail ó Mhór oraibh!

    Mar a scriobh tú, níl a fhios againn féin céard atá romhainn. Ábhar machnaimh dúinn uilig, ach b'fhéidir gur fearr dúinn gan na smaointe sin a tharraingt inar dtreo, ar fhaitíos an fhaitís...

    Tá tú i mo smaointe, a chara, in am seo an fheithimh.

    ReplyDelete
  3. Tá tú i mo smaointí freisin

    ReplyDelete
  4. Da olcas clú an chórais sláinte sa Deisceart ní foláir a lua go bhfuil (an bhfuil sí fós i bhfeidhm?) an Scéim Tacaíochta um Thithe Altranais ann a chuidíonn go mór le daoine.

    Is an-chrua an t-am é ar do theaghlach agus is maith an rud é go bhfuil baill na clainne ag tacú lena chéile chun brú an ualaigh a laghdú, bail ó Mhór oraibh.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.