Friday 13 September 2013

araisaraisarais

I mBaile Átha Cliath inniu


Ar ais. Tá idirlíon gan sreang agam arís. Tá mé i mo shuí ag éisteacht le Mozart ('Amadeus' ar an teilifís) agus ríomhaire ar mo ghlúin. I dteagmháil arís.

Le tamall ní raibh agam ach mo sheanríomhaire, gur ghá a cheangal go fisiciúil le sreang buí chuig an phlocóid sa bhalla. Bhí an cárta wifi briste. Agus mar go bhfuil an pointe idirlín sa halla, bhí mé fágtha ar an chéim dána ag bun an staighre, céim a bhí crua, righin. Níor chaith mé mórán ama ar mo thóinín ansin, tá mé a rá libh.

Ar ais. Bhí go leor ag dul trí mo chloigeann i mo luí sa leaba san oíche, gur mhaith liom a scríobh, ach bhí an staighre ró-chrua.

Agus ar ndóigh, ní raibh mórán maitheasa ionam ar feadh tamaill i ndiaidh do mo mháthair bás a fháil. Mo bhuíochas leis na daoine ar fad a ghabh comhbhrón liom as sin. Beo go deo i mo chroí atá sí.

Ach tá mé ar ais. Tá ríomhaire nach bhfuil nua ach atá nua domsa agam. Agus cárta wifi ann!

Agus an pic thuas? Breathnaigh ar ghnó an chomhlachta. Agus ar an uimhir clárúcháin...

1 comment:

  1. Fáilte araisarais!!

    Níl barraíocht ar cheol Wolfgang, sílim!


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.