Saturday 14 September 2013

Majella

Majella's Pink Appeal | Majella O'Donnell | Irish Cancer Society
http://www.cancer.ie/getthegirls/majellas-pink-appeal-irish-cancer-society

Majella bhocht, Majella chróga, Majella throdach.

Bhí Majella O' Donnell ar RTÉ anocht. Fuair sí amach go raibh ailse brollaigh uirthi agus tá sí díreach tar éis an chéad chemo bheith aici. Bhearr sí an ghruaig aici ar an seó seo anocht.35  bhomaite isteach.


Is bean céile le Daniel O'Donnell í Majella. Ní mian liom mná a phoibliú mar gheall ar na fir a bhfuil siad pósta orthu, ach is dóigh liom gur bean inti féin í seo, agus  go bhfuil soiléiriú anseo ar an chinneadh poiblí atá déanta aici anseo le maoin a bhailiú do Chumann Ailse  na hÉireann agus do Action Cancer an tuaiscirt.

Bhí mé ag caoineadh le linn domh  bheith ag amharc air seo. Bhí mé ag cuimhniú ar an lá a thug comharsan iasacht de rásúr domh féin. Agus buidéal fíon dearg lena chois. Maith thú, a Mhajella.

Agus mar bhónas ... tá Coláiste Lurgan ar an chéad 'aoi' ar an seó seo.

1 comment:

  1. Ní fhaca mé an clár go dtí inné, a Réaltán, agus aontaím leat - is bean chróga í, gan dabht. Rinne sí an bearradh beo ar an aer ar mhaithe le mná na tíre seo, agus táimse iontach buíoch di, go ndearna sí amhlaidh ar ár son.

    Go raibh maith agat as an t-eolas seo a roinnt liom - tá mo théacs 'Pink' seolta agam chuig 50300, le mo €4 féin a chur leis an €400,000+ atá bailithe ag cancer.ie ó chuaigh Majella ar an Late Late, agus beidh mé i dteagmháil le 1850 606060 arís - sin an uimhir tiomsaithe airgid atá acu, más mian le haon léitheoir cuidiú leis an eagraíocht iontach sin, cancer.ie.

    Nár laga a Cé í Majella chróga throdach, agus go raibh biseach uirthi gan mhoill.

    Agus, gura fada buan do dhea-shláinte féin, a chara!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.