Sunday 24 November 2013

Nollaig shona


An Domhnach deireanach i Mí na Samhna. Lár na cathrach, Baile Átha Cliath. Daoine ag teacht isteach chun siopadóireacht a dhéanamh. Ach níos mó acu le híoc ar an lá ná mar a mheas siad.



Bhí mé ar mo bhealach féin isteach ag a haon a' chlog inniu. Agus chonaic mé é seo. Lucht clampála ar obair. Sráid Chaoimhín, trasna ón institiúid teicneolaíochta, taobh amuigh de na 'flats'.



Chuaigh mé suas chuig an chomhartha go ndéanfainn seiceáil ar na huaireanta páirceála, mar níor thuig mé caidé mar a d'fhéadfadh an oiread sin carrana an botún céanna a dhéanamh. Seo an comhartha:



Ach le linn domh an grianghraf a thógáil, bhí bean ar a guthán póca leis an oifig clampála ag iarraidh fáth a gabhála a fháil amach. Sheas an bheirt orainn roimh an chomhartha, ag stánadh air. Ansin chuala mé an bhean eile -
'Lána rothaíochta? Cén lána rothaíochta? Níl aon chomhartha ann...'
Ach bhí. Cúpla céad méadar síos an tsráid.
Ceist agam féin. Má tá lána rothaíochta ann, agus muna bhfuil aon chead páirceáil ann in aon chor, mar a thuigim ón chomhrá gutháin, cén fath an bhfuil comhartha páirceála Luan-Satharn ann ar chor ar bith? Chun tiománaithe a chur ar strae? Chun airgead a bhailiú ar bhealach mí-ionraic, doiléir?



Nollaig shona!

3 comments:

  1. Diarmuid Breatnach24 November 2013 at 22:38

    ba cheart dóibh achomairc a dhéanamh agus fiú cás cúirte cúitimh a thógaint

    ReplyDelete
  2. Amadáin in oifigí nach bhfuil i dteagmháil lena chéile! Maorláthas abú.

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil an Nollaig le fada an lá ina fhéile sainte, craois agus anbhairr?

    Is fiú an clampálaí a chuid freisin!

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.