Tuesday 17 December 2013

Comhar na leabhar



Bhí láinseáil leabhar aréir sa Leabharlann Náisiúnta. Eagraithe ag Comhar. Cúig leabhar.

Fuair mé cuireadh trí Áine Ní Ghlinn, ná bhí ollchnuasach dá chuid filíochta is ansa síos tríd na blianta ar cheann de na saothair a cuireadh i láthair. 'An guth baineann' is teideal dó.



Leabhar ceannaithe, thug mé cuairt ar na leithris. Ní féidir cuairt a thabhairt ar an áit seo gan bualadh isteach iontu - is fada ón asal iad seo:


Caithfidh mé a admháil, is maith an rud go raibh gloine fíona i mo ghlaic (ní raibh an carr liom) ná, seachas Cathal Goan, bhí na cainteanna sách fada.

Alan Dukes, Cathal Goan, Íte Ní Chionnaith
Stop mé ag éisteacht le hAlan Dukes nuair a thosaigh sé ar jócanna beaga faoi bhainc. Chaill m'fhear chéile dhá jab i ndiaidh a chéile mar gheall ar dhruidim comhlachtaí de dheasca an chúlú eacnamaíochta, agus tá an t-ádh air bheith i jab faoi láthair, bíodh is go bhfuil cúrsaí díolacháin dona go leor go fóill. Ní fios an mairfidh an comhlacht. Mar sin de, ní raibh mé in ann ag an ghreann seo ar fad.

Ach seachas na cainteanna bheith ró-fhada, bhí oíche mhaith ann. Beidh sé le cluinstin ar Raidió na Life ar ball.



No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.