Sunday 15 December 2013

Mimi

http://www.youtube.com/watch?v=pMWU8dEKwXw&feature=youtu.be

Tá go leor leor míbhuntáistí a bhaineann le leigheas na hailse. Dúthuirse. Pianta i ngach ball den chorp. Easpa fuinnimh. Oscailteacht do thinnis eile sa dóigh is nach féidir dul amach i measc daoine, nó dul ar an bhus, nó nach dtig bia réamhdhéanta a ordú isteach  ar eagla nach mbeidh sé gan  smál. Bíonn deireadh le saol agus tús le mairstin. 

Ceann de na rudaí is mó a chuireann isteach ar dhaoine, áfach, ná má tá ceann de na chemo-anna acu a gcailltear gruaig mar thoradh air. Nuair a thiteann gach ribe, gach áit, ó choróin do chloiginn go ladhar mór do choise, sin an uair go n-aithníonn daoine eile go bhfuil tú tinn. Agus sin deireadh le haon chur i gcéill nach bhfuil do shaol bunoscionn.

Ceann de na rudaí gur féidir le héinne a dhéanamh don duine atá ag tabhairt faoin turas seo ná iad a chur ag gáire, dar liom. Cúpla soicind faoisimh ó chúraimí an tinnis seo. Cúpla nóiméad inar féidir leo a rá leo féin 'is mé mé go fóill'. Creidim gur sin an rud atá againn anseo.Cúpla nóiméad faoisimh. Agus is fiú gach soicind beo.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.