Thursday 26 December 2013

Lá Nollag

Puerto de la Cruz, 2012


An t-am seo anuraidh bhí mé i dTenerife na gCanarias, ag an deartháir. Bhí sé grianmhar, ciúin, sóúil. Ní hé an chéad uair é go ndeachaigh an t-iomlán againn thar lear, mar chlann, don Nollaig. Ar an iomlán, taitníonn sé liom. Tá siad níos réchúisí faoin Nollaig thall. Tá traidisiúin éagsúla ag gach tír de chuid na Meánmhuire a rabhamar ann, ach níl an teannas ná an fústair faoin fhéile is a bhíonn anseo. Níl siad buíoch  as fáil tríd an gheimhreadh go dtí an grianstad, is dócha, agus ní raibh siad chomh buartha céanna anallód nach dtiocfadh an ghrian agus an teas ar ais.

Malta, 2007


Téimid ar thóir na gréine, sa dóigh is nach gá na geansaithe móra, agus don chuid is mó den am, is amhlaidh a tharlaíonn. Téimid ag spaisteoireacht thart fá na tránna is na caiféanna de lá sna t-léinte, is caithfimid orainn geansaí nó seaicéad éadrom don oíche. Is féidir snámh san fharraige thall, fiú, má tá tú cleachtaithe le farraigí fuara an tsamhraidh abhus anseo in Éirinn. Is ionann an teocht - Lúnasa anseo, Nollaig ansin. Beag an difir

Malta, 2007


Ar ndóigh, is cuimhin liom an bhliain sin a chaitheamar i nGozo Mhalta, nuair a chuir sé an oiread sin fearthainne go sílfeá go raibh tú sa bhaile.Ach ní raibh sé fuar. agus bhí sé spéisiúil mar a tháinig na páistí beaga amachh ar an tsráid le breathnú ar an fhearrthainn le súile móra, chomh tógtha leis an uisce sa tír thirim sin is a bhíonn na páistí s'againne le sneachta an uair nó dhó a thiteann sí anseo in Éirinn.

Malta, Nollaig 2007


Caithfidh mé a admháil go raibh Nollaig iontach againn abhus i nÉirinn inné, áfach. Bhíomar ag skypeáil na hAstráile ar maidin (go mall, Lá Nollag acu siúd) agus ag breathnú ar an Nollaig acu thíos ansin - is féidir leat an Dub a thógáil amach as Baile Átha Cliath ach ní thig an Baile Átha Cliath a thógáil amach as an Dub...

Sydney, 2013


Tháinig na comharsana béal dorais isteach le haghaidh gloine Cava. D'imigh siad agus d'osclaíomar féin  buidéal eile Cava. Bhí an mhuiceoil bruite agus rósta ó inné; bhí na glasraí réidh sa phota, ina suí ar an sorn; bhí mealbhacán gearrtha ina shlisíní ar an tábla; bhí na coinnle lasta agus an brat boird leagtha. Ach...ba léir ó mhaidin nuair a thógamar an turcaí 'beag' sioctha amach as a n chuisneoir nach raibh an treoir ar an mhála ag inse na fírinne. Dúirt an treoir gur ghá an turcaí  fhágáil le díreoigh ar feadh 24 uaire sa chuisneoir. Bhí sin déanta againn, agus tuilleadh uaireanta lena chois. Ach bhí codanna de go fóill a bhí chomh crua le cloch.
Ní raibh ach suí amháin againn - an 'Monopoly' nua a oscailt agus buidéal eile Cava lena chois agus an turcaí a fhágáil amuigh i dteas na cistine tamall. Dá dtéadh sé go leor leis an mháilín putóga a bhaint amach bheadh linn.

Baile Átha Cliath, 2013


Trí theach, óstán, Cófra Pobail agus dhá  bhuidéal Cava níba mhoille, ghlacamar leis nach mbeadh an turcaí bocht againn an tráthnóna sin. Chuireamar gach ball eile den Nollaig Éireannach sin le chéile - na bachlóga, na meacáin bhána agus dhearga, an sú mónóige, an mhuiceoil, na prátaí, an t-anlann - agus bhí dinnéar againn go mall. Bhíomar rite as Cava faoin am sin, ar ndóigh.

Bhí ceapaire turcaí againn aréir i ndiaidh Downton. Agus d'fhág mé an mac ina shuí go mall ag breathnú ar an teilí Nollag is ansa linn sa teach seo. Grianstad tipiciúil.

1 comment:

  1. Scéal iontach, go raibh maith agat...bhain mé an-sult as do chuimhní cinn, a chara..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.