Sunday 29 December 2013

Rúin na bliana úire

Port ciúin i rith an gheimhridh


Rúin don bhliain úr seo atá romham:

Bheith cineálta le daoine eile. Ní fios domh cén cogadh a bhfuil an té atá ag cur isteach orm i ngleic leis. Fiú an tiománaí sin nár las na bleedin' indicators sular thiompaigh sé. 

Am a chaitheamh orm féin. Muna ndéanaim an méid sin féin domh féin, cén mhaith bheith ag súil le daoine eile a leithéid a dhéanamh domh?

An domhain mhór a rialú Beidh mé sásta leis an saol atá agam, le mo chlann, mo shláinte, mo gháirdín, mo leabhair, mo ríomhaire -  mo chuidse ar an tsaol seo.

Sin an plean.




No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.