Tuesday 3 December 2013

Nodlaig na mBan




Bhí an postáil deireanach a rinne mé spraoiúil, mar is dóigh liom gur cheart don Nollaig bheith lán craic. Ar nós Saturnalia. Ach tá daoine ann agus bíonn siad an-dáiríre faoin Nollaig - nó faoin Nodlaig.

Tháinig an focal 'Nodlaig' chugainn ó na Normannaigh. Ag ceiliúradh breithlá Íosa Críost. Bhí Críostaithe ag iarraidh an seancheiliúradh págánach a bhíodh ann roimhe a bhascadh trí fhéile nua a chur ina áit. Agus d'éirigh leo. Ní dhéantar Saturnalia a cheiliúradh níos mó...nó an ndéantar?

Bhí mé ag cuartú iomann don fhéile, agus saoithiúl go leor, níor tháinig mórán fear chun solais ar chor ar bith ar líne. Ach na mná, na mná...

Seo cúpla ceann deas.

Oíche Chiúin, le Moya Brennan, nó lena deirfiúr, Enya

Moya arís, ag canadh 'Codail, a Linbh'

Oíche i mBeithil, Altan á cheol (Mairéad Ní Mhaonaigh)

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Máire Ní Bhraonáin ag ceol fá shoilse na Nollag

Ní Nollaig na mBan ata anseo ach Nodlaig na mBan!

Agus bean amháin eile, ainm oiriúnach uirthi -


Máire Mhac an tSaoi, 'Oíche Nollag'


5 comments:

  1. Bhí Críostaithe ag iarraidh an seancheiliúradh págánach a bhíodh ann roimhe a bhascadh trí fhéile nua a chur ina áit.

    Níl sé sin iomlán cruinn, bhí ceiliúradh breithlá Chríost ann go stairiúil roimhe.

    Ach is cinnte go bhfuil guthanna ban fairsing. Agis is maith sin.

    ReplyDelete
  2. Alt ar ábhar dáta na Nollaig a chíorann an fhianaise
    http://www.biblicalarchaeology.org/daily/biblical-topics/new-testament/how-december-25-became-christmas/

    ReplyDelete
  3. an eol duit an raibh aon cheiliúradh ar leith anseo in Éirinn ag na hoileánaigh seo roimh an Nollaig?

    ReplyDelete
  4. Mo leithscéal as an moill; ní heol dom aon fhéile seachas Imbolc, Bealtaine, Lughnasa agus Samhain; ach i bhfianaise Brú na Bóinne táim cinnte go raibh a leithéidí ann.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.