Wednesday 22 January 2014

Cionn tSáile, Eanáir 2014

'Dubhluachair na bliana, idir Nollaig is Féile Bhríde.'

Níl duine ar bith ar an domhan chlár níos sásta ná mé féin solas na gréine a fheiceáil ag filleadh. Is duine S.A.D. mé, tá mé ag déanamh, agus fearaim failte roimh Lá Fhéile Bhríde agus tús an Earraigh. Yeah, yeah, yeah, deir na daoine óga sa teach liom go bhfuil sé sin uilig athruithe ach má bhí sé ceart go leor ag na Ceiltigh, a bhí faireach agus pointeáilte faoin aimsir, déanfaidh sé cúis domhsa chomh maith. Earrach? Ní féidir leis theacht gasta go leor.



Ach fuair mé faoiseamh beag ag an deireadh seachtaine. Chaith mé cúpla lá i gCorcaigh, ar cuairt ag an iníon atá ag caitheamh tréimhse staidéir san fhíorPhoblacht don bhliain acadúil seo. Agus nár ghrianmhar agus nár gheal na laethe Eanáir a bhí againn ann. 


Dún Rí Shéamais, Cionn tSáile. Eanáir 2014
Thugamar cuairt ar an phríosún Dé hAoine. Leoga,is maith go raibh solas na gréine ann mar bhí an áit fuar feannaideach, agus daor ar an mhéid a bhí le feiceáil ann. Ach maorga.


Príosún Chorcaí, Eanáir 2014

Bhí an Satharn geal leis, ach chomh fuar sin. Bheartaíomar siúl thart fá Dhún Chathail i gCionn tSáile agus leanstan ag siúl chun teas a chothú agus a choinneáil sa chorp.


Dún Chathail, Cionn tSáile, Eanáir 2014

Ach an Domhnach. Cé a chreidfeadh go mbeadh maidin Domhnaigh in Eanáir caite ar an trá go sócúlach, sóisialta; páistí ag lapadáil san uisce, madaidh ag rith suas síos an gaineamh mín.



Ní raibh gach trá mar sin. Ag Baile Ghearóid, bhí balla de shnáth mara agus d'fheamainn bhuí a d'fhág an stoirm tamall gairid ó shin. Bhí páistí ag dreapadóireacht agus ag súgradh ann. Bhí an bóthar mór stróctha ag clocha duirlinge agus gaineamh a caitheadh aníos air. 

Baile Ghearóid


1 comment:

  1. Tá an aimsir sách maith anseo, freisin, a Réaltán - an ghrian le feiceáil ó am go chéile, ach tá múrtha báistí fós dár mbeannú, mar is iondúil leo, an t-am seo den bhliain. Tá na picitiúir go hálainn - go raibh maith agat!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.