Saturday 11 January 2014

Gáir chun gnímh



Bhí cruinniú gairmthe ag Conradh na Gaeilge inniu i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath chun ceist an Choimisinéara Teanga a phlé. Éiríonn Seán  Ó Cuirreáin as a phost roimh i bhfad agus níl aon phlé déanta ag an rialtas mar gheall ar phróiséas do cheapachán nua. (Luadh ag an chruinniú inniu go raibh tairiscint déanta cheana ag an rialtas do dhuine  - a la Patricia Ryan? Agus tá a fhios againn conas ar éirigh leis an pharaisiútáil sin.

Bhí mé ann. Bhí an scaifte níos mó ná mar a bhí súil leis, mar scaoil siad saor roinnt de na suíocháin a raibh rópa thart orthu chun daoine a choinneáil astu agus an scaifte a bhrú le chéile ar nós roinnt eitiltí Ryanair.


Bhí daoine ansin ó go leor de líonraí na Gaeilge - Conraitheoirí,  tuaisceartaigh ghníomhacha, lucht gaeltachta, daoine óga, seandaoine, fiú bhí cúpla leanbh óg ann:



I measc na ndaoine níos sine ná sin, bhí léachtóir e-fhoghlama ó Ollscoil Chathair Átha Cliath:

Peadar Mac Tiarnáin

Fear e-fhoghlama agus gnó:

Ciarán Ó Bréartúin


Agus na gabh-fánna (Gabh fá choinne seo, gabh fá choinne siúd) ón nuachtán Conallach, 'Goitse':


Danny Brown

Caomhán Ó Scólaí
Bhí mé chun gabháil fá choinne greim le hithe le lucht 'Goitse' ach chuaigh siad fá choinne fag agus cailleadh iad sa scaifte! Chuaigh mé fá choinne siúlóide thart ar Boyers, mar sin. Babhla sú agus turas thart ar na héadaí galánta. Lacáistí maithe acu i láthair na huaire!

Lá tirim, lá Áth Cliathach.

Éinne gur mhaith leo cuidiú leis an fheachtas, gabhtar i dteagmháil le le Julian de Spáinn, i gConradh na Gaeilge, ANSEO



1 comment:

  1. Go n-éirí libh! Tá súil agam go dtiocfaidh duine éifeachtach acmhainneach i gcomharbact an Choimisinéara, ach tá faitíos orm go rognóidh an rialtas seo pleota eicínt a fheidhmeos mar mhaidrín lathaí acu.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.