Thursday, 30 January 2014

Ionad Fawlty Feabhais



Shílfeá, nuair atá trí ghearán i ndiaidh a chéile curtha isteach chuig ionad feabhais agus cóipeanna curtha chuig polaiteoirí agus Cumann Ailse na hÉireann agus daoine eile nach iad, shílfeá go bhféadfaí bheith ag súil le feabhas ón ionad feabhais. Shílfeá.

Bhí coinne athbhreithnithe agam ar maidin san ospidéal. Wú-hú! Ag fanacht air seo ó shamhradh 2012. Bhí go maith is ní raibh go holc. Ach thosaigh an dochtúir a chur ceisteanna crua orm faoi na drugaí chaemo a tugadh domh agus seo agus siúd agus an rud eile, agus mar nach raibh nótaí liom, bhí air a admháil sa deireadh nach raibh mo nótaí acu féin ó Bhéal Feirste ach oiread. Fós. Go fóill. Faic. Dada.

Rinne an dochtúir iarracht milleán a chur ar an Ionad Ailse i mBéal Feirste, ach ós rud é go raibh mé ag caint leis an oifig ailse ann mar gheall ar mo chuid sonraí a chur ó dheas trí huaire i samhradh 2012, agus ós rud é gurb iad muintir Bhéal Feirste a bhí buartha faoi na sonraí a chur chuig an duine ceart i mBaile Átha Cliath, mhínigh mé dó gur dhóiche gur cailleadh áit éigin sa chóras abhus iad.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Shílfeá. Ag deireadh gach ruda, ar sé, 'bhuel anois, socróimis mamagram duit, mar sin.'
Arsa mise, 'ó, bhuel, tá sin socruithe ag na banaltraí brollaigh le coicís anuas, tá dáta acu dom amach anseo i Márta nó Aibreán. Bhí fadhb agam dáta  agus eolas ceart a fháil ach tá sin uilig réitithe anois.'
'Bhuel,' ar sé, ag féachaint ar an scaileán ar an ríomhaire, 'deir sé anseo go raibh ceann le bheith agat trí sheachtain ó shin.'

Ar a laghad, níor iarr sé an milleán fá choinne sin a fhágáil ar Bhéal Feirste.

Gearán eile curtha.

6 comments:

  1. Ochón is ochón ó! Córas atá bun os cionn, shílfeá..:-(

    ReplyDelete
  2. Is bocht liom do chás, a Réaltáin.

    B'fhéidir go mb'fhiú duit coinneáil le NHS "Norn Iron" cionn 's go bhfuil tútachas na 26 chontae ag milleadh faoi do shláinte!

    Fearn

    ReplyDelete
  3. Ach tá mé i mo chónaí sa deisceart anois, agus idir taisteal agus mar go bhfuil mé ag obair i gceantar eile ní mór dom an troid a dhéanamh abhus. Shíl go leor de mhuintir an ospidéil ó thuaidh gur thurasóir sláinte mé nuair a bhí mé ag obair ó thuaidh, mar gheall ar an tuin deisceartach i mo chuid cainte, agus bhí siad naimhdeach go leor mar gheall air sin. B'fhearr liom cloí leis an ái ina bhfuil mé, agus troid ar son mo chearta mar shaoránach a íocann cáin sa dlínse céanna.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Chead sin agat, dar ndóigh, a Réaltáin.

      Ach nár bhain timpist do rothaí Éireannach, stócach a tá geanúil ar an nGaeilge, de bhunadh Gearmáineach sna SAM roinnt mí ó shoin? Ach, de réir tuairiscí, ní raibh a dtuistí ar a sás amh leis an chóir leighis, nó an chóir téarnaimh, a bhí le fáil dó in Éirinn; agus thug siad an Ghearmáin orthu mar rogha córa,

      I ndiaidh uile, is saoránach a íocann cáin sa AE thú.

      Fearn

      Delete
  4. tuigim cad tá a rá agat, a Fheairn, ach níl me sásta an oiread sin taistil a chur orm féin. Tá an córas sásúil sa ghnáthshlí anseo ó thaobh an leighis de, ach i mo chás-sa tá cúrsaí bunoscionn mar gur cailleadh mé sa chóras riaracháin. B'fhearr liom cúrsaí a réiteach anseo. Bíonn taisteal maslach go leor nuair a chaithfeas tú e a dhéanamh, agus nuair atá mo chuid sonraí aimsithe arís (cuirfidh mé an scéal seo chuig an ospidéal i mBéal Feirste agus cuirfidh mé naire ar lucht James's) tá súil agam go mbeidh cúrsaí socair .... go cionn tamaill....

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go néirí leat sa bhfeachtas, agus guím aghaidh bhisigh ort!

      Fearn

      Delete